Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Scoil Samhraidh Mhic Reachtain – 25 bliana faoi bhláth

|

Seoladh Scoil Samhraidh Mhic Reachtain na bliana seo ar na mallaibh, féile Ghaeilge, ealaíon, cheoil agus shiamsaíochta a bhíonn ar siúl in Áras Mhic Reachtain i dTuaisceart Bhéal Feirste.

D’fhreastail Meon Eile ar an seoladh Déardaoin agus labhair muid le Dáithí Mac Uait, Oifigeach Ealaíon Gaeilge Chumann Cultúrtha Mhic Reachtain, atá an-bhródúil as fás agus forbairt na féile bliain i ndiaidh bliana. Cuireadh bia agus soláistí ar fáil a bhuí le Caifé Ceoil chomh maith le ceol agus siamsa ó Chleamairí Feirste. Labhair Dáithí agus a chomhghleacaí Ferdia Mac Corsain, Oifigeach Forbartha Gaeilge, agus Gearóid Trimble ó Fhoras na Gaeilge, na príomhmhaoinitheoirí de chuid an ionaid. 

Tosóidh an fhéile ar an 20 Iúil agus beidh idir cheardlanna ceoil agus amhránaíochta, cheolchoirmeacha, chainteanna agus siúlóidí ar siúl lena linn. Is féidir breathnú ar an chlár ina iomláine anseo.

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta