Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Scoil Leighis, Ollscoil Uladh – an chéad bhronnadh céime

|

Bhí lá mór ceiliúrtha ann an tseachtain seo sa Milennium Forum i gCathair Dhoire áit a bhfuair an chéad ghrúpa dochtúirí céim sa Leigheas ó Ollscoil Uladh. 

Thosaigh na céimithe ar an chúrsa iarchéime seo in 2021. Roimhe sin, ba é Ollscoil na Banríona i mBéal Feirste an t-aon ollscoil a raibh scoil Leighis acu sa Tuaisceart.

Thug Meon Eile cuairt ar an ócáid agus labhair muid le Séamus Mac Floinn, duine de na dochtúirí nuacháilithe ó Ollscoil Uladh, a d’inis dúinn go raibh sé iontach bródúil as bheith mar chuid den chéad grúpa ar an chúrsa. 

Dar leis gur rud iontach é fosta go bhfuil an mhórchuid de na céimithe, é féin san áireamh, ag fanacht go háitiúil don ollscoil le bheith ag obair san earnáil. Deis atá ann rud éigin a thabhairt ar ais don phobal a bhí comh ‘fáiltiúil agus cabhrúil’ dóibh agus iad i mbun staidéir. 

Bhí an tOllamh Malachy Ó Néil ina Phropast ar Champas Dhoire nuair a leagadh amach plean an chúrsa agus labhair sé linn faoi cé chomh suntasach agus atá sé go bhfuil Scoil Leighis in Ollscoil Uladh anois le freastal ar dhaoine sa cheantar áitiúil agus níos faide i gcéin.

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta