Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Oíche Shóisialta Dheireadh na Bliana Ionad Uíbh Eachach

|

Rinneadh ceiliúradh ar dheireadh na ranganna Gaeilge de chuid Ionad Uíbh Eachach Dé hAoine seo caite sa Choirceog Bheach in Iarthar Bhéal Feirste. Oíche den scoth a bhí ann lán craice, spraoi agus comhrá. 

Bhí idir chairdeas agus áthas le mothú agus na daltaí agus na múinteoirí go léir ag teacht le chéile lena gcuid Gaeilge a chleachtadh agus a scíth a ligean le greim bia agus pionta. D’imir gach duine ‘Biongó Bhéal Feirste’ le chéile chomh maith agus d’foghlaim cuid mhór faoi logainmneacha na cathrach.

Bhí deis ag Meon Eile labhairt le duine de na múinteoirí, Tuathan Mac Eachaidh, agus le lánúin, Máire agus Gearóid Scott, a freastlaíonn ar an chiorcal comhrá gach Aoine le chéile.

Tá an clárúchán oscailte anois do na ranganna Gaeilge a thosóidh i mí Mheán Fómhair 2025 agus is féidir do spéis a léiriú anseo. 

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta