Tá “grúpa beag oibre” curtha ar bun i bparóiste Ghaoth Dobhair le breathnú i ndiaidh atógáil Theach Pobail Naomh Muire, a dódh go talamh aimsir na Cásca i mbliana.
Dúirt sagart an pharóiste, an tAthair Brian Ó Fearraigh, i dteachtaireacht fhada a scaip sé ar na meáin shóisialta an tseachtain seo gur “i mbun cainteanna agus ag obair as lámha a chéile” leis an gcomhlacht árachais Allianz atá an grúpa oibre faoi láthair.
Thug an tAthair Ó Fearraigh le fios go bhfuil suíomh an tséipéil anois “slán sábháilte” agus balla tógtha timpeall air mar a iarradh ar an bparóiste a dhéanamh. Dúirt sé go bhfuil an séipéal clúdaithe don loisceadh faoin árachas a bhí acu leis an gcomhlacht Allianz agus go bhfuil cáipéisí curtha le chéile ag ‘Meitheal Mhuire’ agus “seolta faoi bhráid ailtirí a bhfuil saineolas agus taithí acu i dtógáil tithe pobail”.
“Chomh maith leis an méid seo, tá muid i modh éisteachta, rud a chiallaíonn go mbeidh comhairliúchán poiblí ar siúl go luath fosta le riachtanais an phobail, i láthair na huaire agus don todhchaí, a mheas, agus lena chinntiú go gcuideoidh bhur nguth an bealach seo romhainn a mhúnlú agus a chruthú le Teach Pobail álainn a thógáil a sheasfaidh an aimsir,” a dúirt sé.
Dúirt Ó Fearraigh go bhfuil sé “iontach buíoch” as an gcuidiú agus an tacaíocht atá léirithe ag an bpobal “ó chian agus ó chóngar” don pharóiste agus ghabh sé buíochas as an “tacaíocht agus paidreacha leanúnacha”.
Tá na hoibreacha atógála á ndéanamh “faoi threoir agus le cead na Deoise”, a dúirt Ó Fearraigh, agus is ag an Deoise (Ráth Bhoth) a bheidh “an focal deireanach” faoina bhfuil i ndán don séipéal nua.
“Cé gur chaill muid foirgneamh breá creidimh, is pobal buan, aontaithe creidimh muid go fóill, le teacht aniar láidir beo istigh ionainn. As an luaithreach, éireoidh teach pobail galánta úr eile chun glóire Dé agus onóir na Maighdine Muire inár bpobal.
“Teach pobail álainn, tógtha ar charraig an dóchais, ar theacht aniar láidir an phobail seo agus ar an ghrá a leanann muid orainn ag roinnt le chéile sna laethanta seo,” a dúirt an tAthair Ó Fearraigh.
An mhí seo caite, thug an tAthair Ó Fearraigh le fios do Tuairsc go raibh os cionn €380,000 ar an iomlán bailithe ag feachtais éagsúla tiomsaithe airgid ar son an tséipéil nua – idir an feachtas ar GoFundMe agus ócáidí tiomsaithe airgid a reáchtáladh i nDún na nGall, in áiteanna eile in Éirinn, agus chomh fada i gcéin le Nua-Eabhrac.
Tá súil ag an Athair Ó Fearraigh go dtógfar an séipéal nua sna Doirí Beaga laistigh de chúig bliana. Loisceadh an séipéal go moch maidin Luan Cásca. Thug an Garda Síochána le fios nach le teann mailíse a adhnadh an tine sa séipéal ach níl aon eolas eile curtha ar fáil acu ó shin. Beidh tuarascáil le réiteach nuair a bheith a t-imscrúdú atá ar bun acu curtha i gcrích.