Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Léirsiú tithíochta uile-oileáin i mBaile Átha Cliath

|

D’eagraigh an ceardchumann tionóntaí CATU léirsiú tithíochta uile-oileáin i mBaile Átha Cliath Dé Sathairn.

Chomh maith le CATU iad féin, bhí éagsúlacht leathan d’eagraíochtaí le feiceáil ar na sráideanna agus iad ag déanamh agóid in aghaidh na bhfadhbanna a bhaineann leis an tithíocht ar fud na hÉireann. Ina measc bhí ionadaíocht ó ghrúpaí teifeach, ón lucht siúil, ó cheardchumainn éagsúla, agus ó Banú agus TINTEÁN, grúpaí a bhíonn ag brú chun cúrsaí tithíochta a fheabhsú sna Gaeltachtaí.

Cuireadh tús leis an mhórshiúl ag an Ghairdín Cuimhneacháin, Rotunda, agus cuireadh críoch leis taobh amuigh de Theach Laighean, áit ar chualathas ó chainteoirí difriúla a raibh drochthionchar ag an ghéarchéim thithíochta orthu.

Bhí Caoimhe Ní Choinn ó CATU Belfast ar fáil le labhairt le Meon Eile faoin mhórshiúl sular cuireadh tús leis. Ina dhiaidh, labhair Aindriú de Buitléir, atá ina bhall gníomhach de Banú agus TINTEÁN, linn faoi ghéarchéim thithíochta na nGaeltachtaí agus faoina bhfuil le déanamh amach anseo leis na fadhbanna seo a réiteach.

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta