Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Gaeilge Rúnda: Pilates sa Chathair le Leila O’Neill

| , ,

B’fhéidir gur léigh tú m’alt deireanach faoi Pilates, ‘An fáth gurb é Pilates an fhoirm ghluaiseachta is fearr leis na cailíní faisin’, agus go bhfuil a fhios agat na cineáleacha alt a bhím ag scríobh de ghnáth: cúlchaint. Ach is agallamh an t-alt seo agus tá iriseoireacht chruinn déanta agam an iarraidh seo. 

Ar na mallaibh, caithfidh tú aon Ghaeilge a chloiseann tú a thabhairt faoi deara. Daoine ag ordú sa phub, ag toiseacht ar rangannaí Gaeilge, ag tacú le gluaiseachtaí atá ag tarlú i mBéal Feirste. Is léir go bhfuil an athnuachan faoi bhláth. Anois, níl a fhios agam fúibhse ach am ar bith a chloisim Gaeilge san fhiántas, mar a deirtear, cuireann sí gliondar ar mo chroí. Daoine ag obair i gcaifé, comhráite sa pháirc, nó fiú cúpla focal ó na múinteoirí Pilates s’agam. Agus uaidh sin, beidh Gaeilge rúnda san fhiántas á clúdach agam as seo amach.

Sa chéad eagrán den imscrúdú seo, labhraimis faoi Leila O’Neill, banríon Pilates, agus tá sí ar ais i mBéal Feirste ina dhiaidh seal beag, laethanta saoire a dúirt sí liom, ag dreapadh ar Shliabh Everest… 

Níl mé ag rá go bhfuil an Ghaeilge i bhfolach i saol Leila ar chor ar bith, ach b’fheidir nach bhfuil an spás cruthaithe (go fóill) ina bhfuil an Gaeilge ag feidhmiú mar phríomhtheanga na háite oibre. Sa chás seo, an pobal Pilates i mBéal Feirste.

Bhuail mé le Leila den chéad uair thart fá thrí nó ceithre bliana ó shin i stiúideo beag bídeach thuas staighre in Juice Jar i lár na cathrach. Chuala mé faoi Pilates ag an am ach thit na ranganna uilig amach ar Bhóthar Lios na gCearrbhach agus mhothaigh mé nach raibh siad ar fáil do dhaoine cosúil liomsa. Is dóiche go bhfuil an nós ann go mbíonn na máithreacha BT9 ag déanamh Pilates. Thig liom mo mháthair féin a fheiceáil ag gáire fúm go raibh nós nua agam. Ní raibh suim dá laghad agam sa spórt i ndiaidh an tríú breithlá déag, agus b’fhuath liom an pheil Ghaelach agus an chamógaíocht. 

Ar an Luan a chuir mé Leila faoi agallamh, bhí sí díreach críochnaithe le rang a éascú agus dúirt sí liom gur chláraigh cuid mhór daoine nua le haghaidh an ranga. Agus mé ag siúl suas staighre, chuala mé cailíní ag caint faoi cé chomh bríomhar agus taitneamhach agus a bhí an rang. Is léir go bhfuil na múinteoirí agus na ‘mic léinn’ Pilates ar aon intinn maidir le rang Leila: más míshásta atá tú ag dul isteach, is le meangadh ar d’aghaidh a thiocfaidh tú amach.

Bíonn réamhbharúil ag daoine faoi Pilates agus is gá dom a admháil go raibh mise ina measc. Bhí Leila í féin den tuairim chéanna agus í agus toiseacht ar a turas féin leis an chleachtas. Bhog sí chun na hAstráile agus í 18 mbliana d’aois, díreach amach as an scoil, agus chonaic sí go raibh ranganna Pilates ar fáil in aice léi. Rinne sí an cinneadh blaiseadh a fháil den chleachtas.

“Go dtí sin bhí mé ag déanamh Pilates ar mhata i mo sheomra leapa ó bhí mé 12 bhliain d’aois b’fhéidir. Ag an am chéanna, bhí mé neirbhíseach dul isteach sa rang. Sílim go mbíonn an nós sin ag achan duine. Tá sé scanrúil rudaí nua a thriail ach thit mé i ngrá leis an chleachtas agus na buntáistí a bhí bainteach leis.”

Bhog sí ar ais go hÉirinn agus d’aimsigh áit ar Bhóthar Lios na gCearrbhach ina raibh ranganna ar fáil ar feadh na mblianta. Ní raibh Pilates chomh coitianta is atá sé anois áfach. Bhí Leila ag gáire agus í ag cuimhneamh ar na chéad ranganna. 

“Ní raibh ach mise agus na yummy mummies ó Bhóthar Malone. Ní raibh an blas céanna ag duine ar bith cosúil liomsa.”

D’fhiafraigh mé di an é sin ceann de na fáthanna go bhfuil sí chomh paiseanta sin faoi áiteanna in Iarthar Bhéal Feirste agus ag iarraidh Gaeilge a úsáid. Dúirt sí go raibh tréimhse ina saol nach raibh sí ag úsáid Gaeilge ar bith. 

“Déarfadh mo mhamaí an t-am ar fad gur thug an Ghaeilge deiseanna dom agus tá sé in am dom rudaí a thabhairt ar ais.” 

Tá sí ag obair ar ábhar a chruthú trí mheán na Gaeilge ar na meáin shóisialta ach tá sé greannmhar, a dúirt sí, cé chomh doiligh is atá sé Gaeilge a chur ar na gluaiseachtaí. Aontaím léi le gáire, streachailt a bhí i gceist leis na téarmaí i m’alt deireanach.

Ach tá spás speisalta ag an Ghaeilge i gcroí Leila. Chuaigh sí ar an Ghaeloideachais; naíscoil, bunscoil, agus ansin, Coláiste Feirste. Tá sé suimiúil dom fáil amach an raibh Gaeilge ina teaghlach. 

“Ní raibh, agus ba mise an chéad pháiste i mo theaghlach a chuaigh tríd an chóras sin, mar a tharlaíonn sé. Bhí sé soiléir do mo theaghlach go raibh mé iontach sásta ag an scoil, agus mar gheall ar sin tá mo chol ceathracha beaga ag dul fríd an Ghaeloideachais chomh maith.” 

Dar ndóigh más rud é go bhfuil tú ag smaoineamh ar Choláiste Feirste agus conair ghairme, déarfainn ‘múinteoir Pilates’ an chéad rud a ritheann leat. Bhí Leila tógtha le haclaíocht ó aois óg, áfach. Fiú agus í ag dul do na scrúduithe, fuair sí post ar an tSliabh Dhubh leis an National Trust. 

“An rud a tharla ná, bhí mé ag rith achan mhaidin roimh am scoile ar an tsliabh agus thug siad post dom. Bhí mé, go bunúsach, ag rith, ach bhí bothán agam, agus bhí mé ag fáil airgid. Rinne mé sin agus mé ar scoil.” 

Bhí turas aclaíochta i gcónaí ar na bacáin aici.  “Tig suaimhneas orm agus mé ag déanamh aclaíochta. Ag rith, nó ag siúl, nó aon rud eile.” 

Tá sé soiléir… agus saoire tógtha aici le Everest a dhreapadh.

An síleann sí gur post fiúntach é. Saorobair atá i gceist den chuid is mó. Bhí sí lonnaithe sa Juice Jar i lár na cathrach ag tús a turais ach d’athraigh sí a sceideal.

“Tá níos mó saoirse agam anois. Tá mé ábalta dul timpeall na cathrach. Lá amháin, thiocfadh liom seacht rang a theagasc, ceithre cinn i gCeathrú na hArdeaglaise ag déanamh Pilates ar an mhata, trí cheann ar bhóthar Lios na gCearrbhach ag déanamh stuif ar an fhráma charráisteach. Is aoibhinn liom a bheith ábalta ranganna difriúla a theagasc agus ag bualadh le daoine difriúla achan uile lá.”

Labhair muid faoi na deiseanna ar fad a fuair Leila trína post anois. 

“Tá an t-ádh dearg orm go bhfuil mé in ann post mar seo a dhéanamh achan lá. Sílim go bhfuil sé sin chomh tábhachtach a lua. Gan chomhlachtaí, ní bheinn in ann rudaí chomh deas leis sin a dhéanamh achan uile lá. D’oibrigh mé ag WellFest, agus bhí mé i measc daoine cosúil le Joanne McNally agus Joe Wicks, bhí meas ag na daoine orm. Ag an tús bhí sé sin cineál aisteach, mar i mo cheannsa is celebs iad.” 

Thosaigh mé ag gáire, is celeb anois í Leila i ciorcail Pilates.

“Tá sé iontach aisteach go fóill go bhfuil aithne ag daoine ormsa ach cuireann sé gliondar ar mo chroí go bhfuil níos mó daoine ag iarraidh triail a bhaint as Pilates. Más rud é go raibh tionchar agamsa air sin, fiú ról beag bídeach, is onóir é.”

D’oibrigh sí ag Picnic Leitreach le dhá bhliain anuas.

“Bhí mise agus mo chairde ann, fuair muid pasanna saor in aisce. Tá sé sin dochreidte go fóill.” Buaicphointe? “Kylie Minogue a fheiceáil le mo chairde uilig cinnte. Bhí an t-atmaisféar iontach ar fad, bhí mé ag smaoineamh an t-am ar fad agus mé ann, cén dóigh a bhfuil mé ábalta slí beatha a chur ar mo phost?”

D’inis mé di go bhfuil clú agus cáil uirthi i gciorcal na nGael in Iarthar Bhéal Feirste cibé. Theagasc sí rang Gaeilge linn in Ollscoil na Ríona le linn Sheachtain na Gaeilge anuraidh. Tá muid ag obair go crua le chéile (le giota cuidithe ó Choiste na bhFocal Nua…) chun téarmaí Gaeilge a thabhairt ar ghluaiseachtaí Pilates. 

Tá ióga faoi bhláth trí Ghaeilge i mBaile Átha Cliath le ióga le Naoise, agus fiú in Iarthar Bhéal Feirste tá Hot Yoga West againn. Niamh Taylor atá i mbun, Gael eile ó Iarthar Bhéal Feirste a bhí ar an Ghaeloideachas. Thosaigh sí a comhlacht féin lena máthair agus déanann siad ióga te den chuid. Bíonn na ranganna díolta amach an t-am ar fad agus le déanaí chuir siad ióga te trí mheán na Gaeilge amháin ar fáil. 

Is é ióga te an nós is fearr atá ag Leila mar a tharlaíonn sé. Bíonn iontas orm go bhfuil sí ábalta na ranganna uilig a theagasc agus go fóill in ann a cuid aclaíochta féin a dhéanamh. Ach gan aclaíocht léi féin, bheadh sí as a meabhair. Sin a dúirt sí liom. 

“Síleann daoine toisc go bhfuil mé ag teagasc sé nó seacht rang in aghaidh an lae nach mbeadh suim agam rang ióga nó traenáil nirt a ghlacadh, ach níl sé sin fíor ar chor ar bith.” 

Bhuel cén dóigh a bhfuil sí ábalta a sláinte fhisiciúil agus a sláinte mheabhrach a choinneáil… sláintiúil? 

“Déanaim cinnte go dtéim ar shiúlóid amháin nó ar rith amháin ar a laghad achan lá. Caithfidh mé spás a fháil agus a bheith ábalta a bheith liom féin. Ach chomh maith leis sin, tá na buntáistí atá bainteach le hióga te ar fheabhas.” (Bíonn an teas ar 30 céim i rith an ranga mar eolas) “Tá an néarchóras ag obair ar lánluas. Go bunúsach tá do chorp i modh ‘troid nó teitheadh.’” 

Tá a fhios agam cad atá sibh ag smaoineamh, dealraíonn sin go huafásach, ach mar gheall ar an rialú sin, tá do chorp (agus do mheabhair) ábalta fadhbanna a réiteach go furasta le níos lú struis. Dar le Leila, “Bhí amanna ann nach raibh mé ábalta mo mhothúcháin a rialú mar is ceart, agus bhí an-strus orm an t-am ar fad ach ina dhiaidh cleachtas a thosú le hióga te, tá mé ar mo sháimhín só.”

Thug Leila samplaí de theicnící anála agus de ghluaiseachtaí sínte:

Cat agus bó (le cos agus lámh san aer):

Don ghluaiseacht seo, caithfidh tú a bheith ag smaoineamh faoin dóigh a bhfuil tú ag análú. Tosaigh le cnámh droma díreach. Sin áit neodrach. Cuir do lámh agus an chos chontrátha amach (tá sé cineál cosúil leis an hóicí cóicí nach bhfuil?). Ag tarraingt anála, ísligh do chnámh droma, ag fáscadh do bhoilg, ag ísliú. Ar an easanáil, tóg lámh agus glúin isteach agus ceangail iad le chéile. 

Céim shínte scoilte statach ardaithe (Static raised split lunge)

Téigh síos i gcéim shínte, déan cinnte go bhfuil tú ar na barraicíní. Suas agus síos, ag úsáid mhatáin na gcolpaí.

Dála an scéil, bhí mé féin neirbhíseach ag dul chuig mo chéad rang agus déarfainn go mbeadh an imní chéanna ar dhaoine an t-alt roimhe seo. Mar sin, chuir mé ceist ar Leila, cén fáth gur chóir do dhaoine teacht agus triail a bhaint as rang Pilates amháin ina saol.

“Tá sé deacair ag gach duine rud nua a thosú agus tá sé scanrúil triail a bhaint as foirm aclaíochta nua. Sin ráite, tá Pilates fóirsteanach do dhuine ar bith. Tá achan chineál coirp againn i mo rang, ag an tús. Más rud é go bhfuil daoine ag déanamh Pilates den chéad uair bíonn náire orthu agus tosaíonn siad ag gáire, ach deich mbomaite istigh sa rang agus éiríonn siad cleachtaithe leis an vaidhb.”

Agus muid ag cur deireadh lenár gcomhrá, baineann Leila searradh as a géaga, gluaiseacht a mhothaíonn spraíúil agus láidir — cosúil le ranganna s’aici. 

“Ní faoin staidiúir is foirfe atá sé,” deir sí liom le meangadh. “Is faoin phobal atá Pilates, a bheith i láthair, craic a bheith ann.” 

I nGaeilge chroíúil s’aici, tá cumhacht agus láíocht ag a cuid focal. Ó bhuillí na 80idí agus a Gaeilge cheolmhar, is léir go bhfuil Leila ag cruthú tuiscint nua ar an fholláine atá bunaithe ar chultúr agus ioncuimsitheacht. I stiúideo neadaithe i lár na cathrach i mBéal Feirste, is mó ná gluaiseacht é Pilates, is teanga é. Agus i saol Leila, tá fáilte roimh chách í a labhairt. 

The post Gaeilge Rúnda: Pilates sa Chathair le Leila O’Neill appeared first on NÓS.

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta