Táthar ag moladh do bhaill foirne in Údarás na Gaeltachta an intleacht shaorga a úsáid le cáipéisí a bhaineann le hobair na heagraíochta a aistriú ó Bhéarla go Gaeilge.
De réir eolais a fuair Tuairisc faoin Acht um Shaoráil Faisnéise, tá an córas ‘Claude’, bota comhrá AI a d’fhorbair an comhlacht Anthropic, á mholadh san Údarás mar uirlis a d’fhéadfadh aistriúchán agus obair eagarthóireachta a dhéanamh ar cháipéisí a mbíonn fostaithe na heagraíochta ag plé leo.
De réir an comhfhreagrais inmheánaigh, moladh Claude go sonrach mar uirlis le conarthaí a aistriú ó Bhéarla go Gaeilge don Údarás.
Tá an tsamhail mhór teanga, a forbraíodh den chéad uair in 2023, á moladh freisin mar bhealach le slacht a chur ar cháipéisí a réitíonn fostaithe an Údaráis féin.
Nuair a d’fhiafraigh ball foirne d’fheidhmeannach sinsearach de chuid an Údaráis an mbeadh Claude go maith le conarthaí a aistriú ó Bhéarla go Gaeilge, dúradh go mbeadh agus go bhféadfá an t-aistriúchán a fháil i do rogha canúint dá dteastódh sé.
“Bheadh [Claude go maith]. Caithfidh tú é a léamh go cúramach ina dhiaidh. Más mian leat é a bheith scríofa i gcanúint Chonamara vs Gaeilge chaighdeánach, déanfaidh sé sin duit freisin.
“Is fiú duit beagán léamh a dhéanamh ar céard is féidir a dhéanamh leis, tá sé thar a bheith cumhachtach, go háirithe má uaslódálann tú cáipéisí chuige mar chomhthéacs. Gaeilge mhaith aige freisin!” a dúradh mar fhreagra.
Pléadh i gcomhfhreagras eile a fuair Tuairisc faoin Acht um Shaoráil Faisnéise an fhéidearthacht atá ann Claude a úsáid le heagarthóireacht a dhéanamh ar théacsanna Gaeilge. Dúirt an feidhmeannach céanna le fostaí eile de chuid an Údaráis gur fiú téacs a chur trí Claude “i dtaobh leagan amach agus litriú”.
“Chuir mé an doiciméad trí Claude agus tá na ceartúcháin déanta (sin uirlis iontach), bheadh sé go maith dá mbeadh muid ábalta cúrsa a dhéanamh ar úsáid AI,” a dúirt an fostaí.
Tuairiscíodh ar an suíomh seo an tseachtain seo caite go raibh treoir tugtha ag Údarás na Gaeltachta do chomhlachtaí a dhéanann fógraíocht thar ceann na heagraíochta gan an intleacht shaorga (AI) a úsáid leis na fógraí sin a chruthú.
Deirtear i bplean nua de chuid an Údaráis, Uirlisí IS don Ghaeilge -Deiseanna agus Dúshláin, gur dúshlán mór roimh fhorbairt seirbhísí i nGaeilge is ea an easpa ábhair ar ardchaighdeán sa teanga ar líne.
Chun dul i ngleic leis an easpa sin, tá sé i gceist ag Údarás na Gaeltachta corpas nua Gaeilge a chruthú a bhféadfadh innill IS [Intleacht Shaorga] foghlaim uaidh.
Deirtear sa phlean sin go bhfuil “bearna ollmhór” idir na hacmhainní teanga ar líne i nGaeilge agus “an leibhéal corpais atá ag teastáil chun freastal ar riachtanais theicneolaíocha na Gaeilge”.
“Tá impleachtaí tromchúiseacha agus fadtéarmacha ag an easnamh seo d’fhorbairt innill IS, mar is ar mhéid agus ar chaighdeán na n-ábhar atá i gcorpais phoiblí a bhraitheann éifeachtacht agus cruinneas na gcóras seo,” a deirtear.
Léirigh roinnt aistritheoirí gairmiúla ar labhair Tuairisc leo i mí na Bealtaine imní faoi úsáid na hintleachta saorga in obair aistriúcháin sa tseirbhís phoiblí. Tugadh an cháipéis Guidelines for the Responsible Use of Artificial Intelligence in the Public Service do státseirbhísigh mar threoir maidir le huirlisí AI a úsáid le hobair aistriúcháin a dhéanamh.
Dúirt Seán Hade, iarCheann Aonad na Gaeilge i gCoimisiún na hEorpa go raibh baol mór ann go mbeadh státseirbhísigh nach bhfuil aon tuiscint acu ar cheird an aistriúcháin fágtha i mbun an chúraim agus go bhfoilseofaí eolas atá míchruinn nó contúirteach dá bharr.
Dúirt Sinéad Ní Ráinne, stiúrthóir an chomhlachta aistriúcháin Europus i gConamara gur “údar imní” don chomhlacht Gaeltachta agus a leithéid an méid a bhí i dtreoirlínte an rialtais.
Tuairiscíodh ar an suíomh seo an tseachtain seo caite treoir tugtha ag Údarás na Gaeltachta do chomhlachtaí a dhéanann fógraíocht thar ceann na heagraíochta gan an intleacht shaorga (AI) a úsáid leis na fógraí sin a chruthú.