Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

‘D’fhéadfadh nach bhfuil deireadh fós le togra gaoithe na Sceirde’ – Údarás na Gaeltachta

| ,

Deir Údarás na Gaeltachta go bhfuiltear fós tiomanta d’fhorbairt chalafort Ros an Mhíl mar mhol d’earnáil an fhuinnimh ghaoithe amach ón gcósta in ainneoin go bhfuil mórchomhlacht idirnáisiúnta tarraingthe as an bplean feirm ghaoithe a thógáil amach ó chósta Chonamara.

Fógraíodh in earrach na bliana seo nach raibh sé i gceist ag Corio Generation dul ar aghaidh leis an fhorbairt €1.4 billiún a bhí beartaithe ar charraigeacha Sceirde amach ó chósta Iorras Aithneach.

Dúirt Fuinneamh Sceirde Teoranta, fochomhlacht a bhí bainteach leis an togra, ag an am gur léirigh staidéir nua go raibh geolaíocht ghrinneall na farraige ar an suíomh “an-chasta” agus nach bhféadfaí inseachadtacht an togra a chinntiú.

Ina ainneoin sin, thug oifigigh ó Údarás na Gaeltachta le fios an tseachtain seo go bhfuil suim léirithe ag comhlachtaí eile sa togra.

“Tá spéis léirithe ag dreamanna eile sa togra seo. D’fhéadfadh sé nach é seo deireadh an togra,” a dúirt Rónán Mac Con Iomaire, Stiúrthóir Forbartha Réigiúnaí, Pobail agus Pleanála Teanga le hÚdarás na Gaeltachta, agus é ag labhairt os comhair choiste Gaeilge an Oireachtais.

Dúirt Mac Con Iomaire nach bhfuil an t-iarratas a rinneadh leis an mBord Pleanála do thogra Sceirde tarraingthe siar, go bhfios dó.

Tá meabhrán tuisceana aontaithe ag Údarás na Gaeltachta le Fuinneamh Sceirde Teoranta maidir le cúrsaí oiliúna, an ciste forbartha pobail a bhí beartaithe agus soláthar bhunáit oibríochta i Ros an Mhíl.

Mar sin féin, thug Mac Con Iomaire le fios go raibh Údarás na Gaeltachta dírithe ar fhorbairt na hearnála fuinnimh gaoithe amach ó chósta an iarthair trí chéile, seachas a bheith dírithe ar thogra Sceirde amháin.

Dúirt sé go raibh an tÚdarás ag díriú go príomha ar theicneolaíocht ghaoithe ar snámh atá á forbairt i láthair na huaire, sin tuirbíní nach mbeadh greamaithe do ghrinneall na farraige mar atá beartaithe i dtogra na Sceirde. Bheadh tuirbíní ar snámh níos faide amach ón gcósta ná tuirbíní gaoithe a bheadh daingnithe nó fosaithe.

Dúirt Mac Con Iomaire go raibh tuirbíní ar snámh fós á bhforbairt i láthair na huaire agus go raibh súil ann go mbeadh an teicneolaíocht ag feidhmiú ar bhonn tráchtála faoi 2035.

Dúirt sé go raibh Údarás na Gaeltachta ag obair chun go mbeadh calafort Ros an Mhíl agus an ceantar máguaird réidh chun freastal ar an earnáil nua.

“Aithníonn muid gur cuid thábhachtach den obair atá muide a dhéanamh anois, fiú agus go bhféadfadh 2035 a bheith ann sula dtiocfadh an earnáil seo chun cinn, ná go gcinnteodh muid go bhfuil muid ag cur an traenáil agus an oiliúint ar fáil sna pobail Ghaeltachta chun cinntiú go bhfuil na pobail sin cumasaithe chun leas a bhaint as an obair a thiocfaidh chun cinn.”

Tá céibh dhomhainmhara a bhfuil costas €30 milliún curtha uirthi le tógáil i Ros an Mhíl ach stopadh an obair ar an suíomh ag deireadh 2023 agus thart ar thrí cheathrú cuid di déanta nuair a rinneadh achomharc in aghaidh síneadh a cuireadh leis an gcead pleanála. D’éirigh leis an achomharc sin anuraidh agus caithfidh Roinn an Mara iarratas pleanála eile, atá á réiteach i láthair na huaire, a chur isteach.

Dúirt Rónán Mac Con Iomaire go bhfuil sé “ríthábhachtach go mbeidh calafort Ros an Mhíl in ann déileáil leis an infreastruchtúr bád a bheidh ag teastáil san earnáil [fuinnimh gaoithe] amach anseo.”

“Creideann muide go láidir ó thaobh an taighde atá déanta againn, go bhféadfadh Ros an Mhíl a bheith lárnach agus cinniúnach i dtaobh forbairt eacnamaíoch deisceart Chonamara ach freisin ó thaobh chúrsaí ísliú carbóin ar fud an stáit,” ar sé

Léirigh taighde a rinneadh d’Údarás na Gaeltachta go bhféadfaí idir 600-900 post a chur ar fáil de bharr na forbartha i Ros an Mhíl.

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta