Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Déagóir básaithe i dtimpiste thragóideach i gCorca Dhuibhne

| , ,

Tá scrúdú iarbháis le déanamh ar bhuachaill sna déaga a bhásaigh go tragóideach i nGaeltacht Chorca Dhuibhne inné.

Tuigtear gur bhain gortú marfach don bhuachaill sé bliana déag d’aois nuair a thit sé gar do Loch an Pheidléara ar an gConair.

Tharla an eachtra agus an déagóir, arbh as contae Chorcaí dó, agus a thuismitheoirí ar cuairt i gCorca Dhuibhne. Tuairiscítear gur stopadar le taobh an easa aitheanta ar an gConair agus go ndeachaigh an buachaill suas go dtí an loch atá os cionn an bhóthair sular thit sé.

D’fhreastail baill de Gharda Chósta an Daingin, Foireann Tarrthála Sléibhe Chiarraí, an Garda Síochána agus an tSeirbhís Náisiúnta Otharcharranna ar an láthair nuair a fógraíodh an éigeandáil thart ar 3.30in tráthnóna Dé Máirt ach ní fhéadfaí an buachaill a thabhairt slán.

Tugadh a chorp go dtí Ospidéal Ollscoile Chiarraí, áit a ndéanfar scrúdú iarbháis air sna laethanta romhainn.

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta