Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Comhdháil idirnáisiúnta faoin intleacht shaorga agus mionteangacha le reáchtáil sa Ghaeltacht

| ,

Tá súil ag Údarás na Gaeltachta comhdháil idirnáisiúnta faoin intleacht shaorga agus faoi mhionteangacha a reáchtáil ag tús na bliana seo chugainn. Dúirt príomhfheidhmeannach na heagraíochta, Tomás Ó Síocháin, go bhfuil sé mar aidhm ag an Údarás an chomhdháil a reáchtáil “sa chéad ráithe de 2026”.

Dúirt Ó Síocháin gur fágadh an Ghaeilge ar an trá fholamh ag tús na mílaoise nuair a tháinig forbairtí móra ar an Idirlíon den chéad uair agus gur theastaigh ón Údarás “teacht roimh” an gcéad tonn eile i réabhlóid na teicneolaíochta.

Tá obair mhór ar bun ag Údarás na Gaeltachta le dhá bhliain anuas le huirlisí intleachta saorga a fhorbairt don Ghaeilge agus creideann an eagraíocht go láidir gur féidir leis an teicneolaíocht nua an-leas a dhéanamh don Ghaeilge agus don Ghaeltacht.

Tá sé i gceist ag ag Údarás cuireadh a thabhairt do na comhlachtaí móra idirnáisiúnta atá ag plé leis an intleacht shaorga a bheith mar chuid de “chomhpháirtíocht straitéiseach” agus deis a thabhairt dóibh “a n-iarrachtaí maidir le mionteangacha a chur chun cinn” tríd an intleacht shaorga “a chomhroinnt”.

Tugadh le fios do na hiriseoirí a bhí i láthair ag ócáid eolais i gceannáras na heagraíochtaí sna Forbacha go bhfuil an tÚdarás tar éis a bheith ag caint cheana féin le “páirtithe éagsúla” maidir leis an gcomhdháil agus gur léiríodh “toilteanas” sna cainteanna sin.

“Léiríonn toilteanas na bpáirtithe leasmhara go dtí seo an tuiscint atá acu ar an tábhacht straitéiseach a bhaineann leis an togra seo, ní hamháin don Ghaeilge ach d’Éirinn mar thír den Aontas Eorpach,” a dúradh.

Dúradh go raibh an “comhthéacs idirnáisiúnta” tábhachtach sa phlé faoin nGaeilge agus an intleacht shaorga agus go bhfuil tíortha eile ar fud an domhain ag tabhairt aghaidh ar cheisteanna agus dúshláin atá an-chosúil leis na cinn atá tar éis teacht chun cinn in Éirinn. Maíodh go raibh an deis ann anois “líonra idirnáisiúnta” a chruthú a mbeadh rialtais agus eagraíochtaí eile atá “tiomanta do chearta teanga” a chaomhnú i réimse na teicneolaíochta páirteach ann.

Níl dáta beacht, ionad ná téama socraithe don chomhdháil go fóilleach ach dúirt Ruairí Ó Néill, stiúrthóir seirbhísí corparáideacha an Údaráis, go bhfuil súil acu go n-ardóidh an ócáid “feasacht” i measc na gcomhlachtaí móra teicneolaíochta faoin nGaeilge agus faoi mhionteangacha eile. Tá súil ag an Údarás leithéidí Meta, Anthropic, Google, Microsoft, agus OpenAI a mhealladh chun na comhdhála an bhliain seo chugainn agus go mbeadh na heagraíochtaí sin ag obair as lámha a chéile leis na rialtais agus le heagraíochtaí sa líonra nua.

Deirtear i bplean nua an Údaráis Uirlisí IS don Ghaeilge -Deiseanna agus Dúshláin, áfach, gur dúshlán mór roimh fhorbairt seirbhísí i nGaeilge is ea an easpa ábhair ar ardchaighdeán sa teanga ar líne.

Aithnítear sa phlean go mbainfidh dúshlán leis na mórchomhlachtaí IS a spreagadh chun tacú leis an nGaeilge.

“An príomhdhúshlán ná na comhlachtaí móra a mhealladh agus a fháil ar bord leis an togra, rud a d’fhéadfadh a bheith deacair mar gheall ar a dtosaíochtaí tráchtála reatha,” a deirtear.

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta