Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Campa samhraidh ag caoineadh seacht nduine is fiche a cailleadh i dtuile lár Texas

| ,

Tá sé deimhnithe ag an tráth seo go bhfuil ceithre scór duine maraithe ag an bhfuarlach Dé hAoine.

Bhí sé ina imní agus ina dhriopás ar lucht tarrthála inniu go bhféadfadh duartan eile báistí titim ansin agus gur maidhmeanna tuile a sceithfeadh arís agus gan na daoine atá ar iarraidh fós faighte.

Tá duine agus dhá scór go cinnte á dtóraíocht agus mar bharr ar an anachain ina measc tá deichniúr cailíní óga a bhí ar champa samhraidh ar bhruach na habhann.

Le moch maidine Dé hAoine a nocht an tubaiste nuair a d’ardaigh an t-uisce in abhainn an Guadalupe ocht méadar [26 troigh] taobh istigh d’uair an chloig agus rinne léirscrios ar a raibh ina bhealach.

I ráiteas ó údaráis Camp Mystic, an campa samhraidh Críostaí a raibh na cailíní ag freastal ar chúrsa ann, dúradh go raibh siad ag caoineadh seacht nduine is fiche dá gcampálaithe agus a gcomhairleoirí a chaill siad sa tuile.

I measc na marbh tá stiúrthóir an champa, duine de na comhairleoirí agus na cailíní a bhí ag campáil, cuid acu nach raibh ach ocht mbliana d’aois.

Tá tuilleadh stoirmeacha á dtuar sa gceantar as seo go 24-48 uair an chloig agus tá rabhadh tuilte i bhfeidhm sa réigiún sin i Texas go dtí tráthnóna inniu ar a thúisce.

Shínigh an tUachtarán Donald Trump fógra cúnamh tubaiste Dé Domhnaigh ar mhaithe le Kerr County agus ceisteanna go leor á gcur faoin rabhadh a tugadh faoi thuilte, agus cé acu an raibh an rabhadh sin sách láidir.

Dúirt an tUachtarán gur “dóigh” go dtabharfadh sé féin cuairt ar Texas Dé hAoine. Rinne sé beag is fiú den amhras a bhí á léiriú gur fhág an sceanairt atá déanta ag a réimeas ar sheirbhísí réamhaisnéise aimsire agus ar áisíneachtaí feidearálacha eile a bhaineann le cúrsaí eolaíochta go raibh an rabhadh tuilte fágtha níos laige.

Maraíodh ar a laghad dhá scór duine fásta agus 28 leanbh in Kerr County i lár Texas, an ceantar is measa a buaileadh, a dúirt an Sirriam Larry Leitha inné agus mharaigh na tuilte 13 ar a laghad sna ceantair máguaird, Travis County, Burnet County, Williamson County, Kendall County agus Tom Green County.

Tá blianta fada caite ag na feidhmeannaigh in Kerr County ag caint ar chóras foláireamh a thógáil ar bhruacha Guadalupe ach chaith siad in aer é mar smaoineamh ar an mbonn go mbeadh a leithéid róchostasach.

Sa Róimh inné, dúirt an Pápa Leon XIV paidreacha do na daoine a bhí faoi bhrón in Texas, ina thír dhúchais.

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta