Cháin an grúpa rapcheoil Kneecap Céad-Aire na hAlban John Swinney agus iad i mbun ceoil i nGlaschú aréir.
Baineadh banna Bhéal Feirste de chlár fhéile cheoil TRNSMT na cathrach sin nuair a dúirt an Chéad-Aire Swinney go mbeadh sé “do-ghlactha” iadsan a bheith ag casadh ansin.
Thagair John Swinney don fhíseán a tógadh ag seó dá gcuid in 2023 agus an chuma air go ndúirt duine den triúr “An t-aon Tóraí fiúntach an ceann atá marbh. Maraigh d’Fheisire Parlaiminte áitiúil.” Dúirt John Swinney go raibh an chaint sin “thar fóir” ar fad.
Bhí sé i gceist ar dtús go mbeadh an grúpa ag ceol ag an bhféile Dé hAoine ar ardán King Tut ach baineadh den chlár iad mar go raibh imní ar na póilíní faoi chúrsaí sábháilteachta.
Ní túisce díbeartha ó chlár na féile Kneecap go bhfuair siad cuireadh a bheith ina bpríomhcheoltóirí san O2 Academy sa gcathair. 80 soicind a thóg sé na ticéid ar fad do sheó na hoíche aréir a dhíol.
Agus iad ar an ardán aréir, d’fhiafraigh duine den triúr, Mo Chara, den slua: “Cén t-ainm baiste atá ar an gCéad-Aire s’agaibhse?’. Scaoil sé mionn mór le Swinney, agus lean sé air.
“Chuir siad cosc orainn ceol ag TRNSMT ach ní féidir leo muid a stopadh ag ceol i nGlaschú,” a dúirt sé.
Dúirt an banna go raibh sé le tuiscint ón achrann faoin gcosc a cuireadh orthu ceol ag an bhféile gur “fleá fuatha” a bhí ina gcuid seónna ach gurb amhlaidh gurb iad an cuimsiú agus an grá atá i gceist acusan.
Ar BBC Scotland tuairiscíodh gur nuair a dúirt Mo Chara nach ndearna Rialtas na Breataine “faic riamh d’Éirinn ná do Ghlaschú” a fuair siad an gháir mholta ba mhó ag an seó aréir.
I nuachtán an Glasgow Times tuairiscíodh go raibh slua roimh an mbanna ag an O2 Academy agus iad ag léirsiú ar son mhuintir na Palaistíne, agus cuid de bhaill Fheachtas Dlúthpháirtíochta na Palaistíne na hAlban ina measc.
Tá conspóid go leor tarraingthe ag tacaíocht ghlórach Kneecap don Phalaistín agus ag an gcáineadh a dhéanann siad ar an gcinedhíothú in Gaza.
Cúisíodh Liam Óg Ó hAnnaidh, nó Mo Chara, i gcion sceimhlitheoireachta agus é curtha ina leith gur thaispeáin sé bratach a thacaigh le Hezbollah ag ceolchoirm i Kentish Town i Londain anuraidh cé gur eagraíocht thoirmiscthe í Hazbollah i Sasana.
Bhí Mo Chara os comhair cúirte an mhí seo caite ach scaoileadh amach ar bannaí gan choinníoll é agus é le bheith sa gcúirt in Westminster arís ar an 20 Lúnasa.
Dúirt John Swinney ar chlár nuachta BBC Scotland gur ghabh an banna leithscéal faoi na ráitis chonspóideacha faoi fheisirí parlaiminte, agus chomh fada agus a bhain sé leis féin gur scéal thart a bhí sa gconspóid sin.
Dúirt sé: “Sílim gurb é an rud is tábhachtaí sa scéal seo ná na ceisteanna a bhfuil Kneecap buartha fúthu, sin Gaza agus an fhulaingt ar fad atá á cur ar leanaí Gaza.
“Fuair mé tuairisc ó UNICEF inné agus leis an fhírinne a dhéanamh ní fhéadfá éisteacht leis mar gheall ar na huafáis agus an anó atá ar na leanaí in Gaza.
“Níor cheart dúinn ligean do chúrsaí bannaí agus a ndeir siad ár n-aird a tharraingt ón drochbhail atá ar mhuintir Gaza.”