Tá 16 ceantar Gaeltachta i measc na gceantar atá tábhachtach don éanlaith agus don bhithéagsúlacht a d’fhógair Cairde Éanlaith Éireann an mhí seo.
Is i Maigh Eo atá ocht gcinn de na ceantair Ghaeltachta a ainmníodh, tá trí cinn i nDún na nGall, trí cinn i gCiarraí, agus péire i nGaillimh.
Tá 73 áit ar an iomlán ar an liosta, 24 acu sin i bhfarraigí na hÉireann agus 49 ar an talamh tirim. Is cuid de líonra idirnáisiúnta iad na láithreacha seo a dtugtar IBA, [Ceantair Thábhachtacha Éan agus Bithéagsúlachta, important bird and biodiversity areas] orthu. Tá 14,021 láthair ann in 243 tír agus réigiún agus tá 11,195 speiceas éan le fáil iontu ar fud an domhain.
Tá Cairde Éanlaith Éireann agus BirdLife International ag éileamh ar rialtas na hÉireann na IBAnna atá aitheanta anois in Éirinn a chosaint mar Limistéar faoi Chosaint Speisialta. Maíonn na heagraíochtaí go bhfuil na IBAnna “tábhachtach mar áiteanna goir, mar fhoinsí bia, agus mar láithreacha geimhrithe d’éin ar leith”.
Tá geallúint tugtha ag an rialtas 30% níos mó d’fharraigí na hÉireann a chosaint faoin mbliain 2030. Deir Cairde Éanlaith Éireann go gcabhrófaí go mór leis an sprioc sin dá ndéanfaí Limistéar faoi Chosaint Speisialta de na IBAnna nua-aitheanta.
Tá éileamh eile ag Cairde Éanlaith Éireann go bhforbródh an rialtas pleananna bainistíochta do na Limistéar faoi Chosaint Speisialta atá ann cheana féin agus go ndéanfaí é sin ar bhealach “oscailte agus trédhearcach”. Deir siad gur chóir na pleananna forbartha a bheith bunaithe ar “spriocanna caomhnaithe atá fréamhaithe san eolaíocht” lena chinntiú go mairfidh na héin mhara atá faoi “bhrú agus bagairt shuntasach”.
Dúirt príomhfheidhmeannach Cairde Éanlaith Éireann, Andrew Kelly, go bhfuil Éire “fíorthábhachtach” d’éin mhara an domhain mhóir agus go bhfuil 23 cinn de na 24 speiceas a dhéanann gor sa tír seo ar liosta dearg nó oráiste na n-éan atá i mbaol.
“Tá Éire thar a bheith tábhachtach d’éin mhara dála na bpuifíní agus na saidhbhéar, dhá speiceas atá i mbaol go domhanda. Tá tionchar ag an athrú aeráide, an ró-iascach, truailliú plaisteach na mara, chomh maith le cur isteach ón gcine daonna, chomh maith le seilg na gcreimirí [ar líon na n-éan].
“Tugtar eolas ríthábhachtach do rialtas agus do lucht tionscail n na hÉireann i bhfógairt seo na IBAnna in Éirinn le go mbeidh siad in ann limistéir a chosaint, a chaomhnú, agus a athchóiriú d’éin mhara,” a dúirt sé.
Is oileáin iad go leor de na ceantair Ghaeltachta atá ar liosta nuafhoilsithe na IBAanna. Tá cuid de na hoileáin tréigthe le fada an lá ach mar sin féin, áirítear iad mar chuid den Ghaeltacht mar gheall ar chéatadán na gcainteoirí Gaeilge a chónaíodh iontu nuair a tarraingíodh teorainneacha na Gaeltachta sa chéad seo caite.
Is iad na trí áit i nGaeltacht Dhún na nGall atá ar an liosta ná an dá oileán, Toraigh, amach ó chósta Mhachaire Rabhartaigh, agus Reachlainn Ó Beirn, amach ó leithinis Shliabh Liag, agus ‘cósta iarthar Dhún na nGall’, limistéar fairsing a chlúdaíonn go leor den Ghaeltacht.
I Maigh Eo is oileáin thréigthe sa Ghaeltacht den chuid is mó atá i gceist: na Stacaí, Oileán Mionnán, Oileán Máistir, Inis Gluaire agus Inis Caorach, Inis Gé, an Tor, agus na Biollaí. Tá ‘cósta thuaisceart Mhaigh Eo’ san áireamh freisin, limistéar a chlúdaíonn Ceathrú Thaidhg, Iorras, agus áiteanna eile i nGaeltacht an chontae sin. Tá an t-oileán beag ‘Na Biollaí’ in Acaill san áireamh freisin.
Is iad an dá áit atá i nGaeltacht na Gaillimhe ná Oileáin Árann agus Ceantar na nOileán. Tá na Blascaodaí, a tréigeadh i gcaogaidí an chéid seo caite, an Sceilg, atá i bhfad amach ó chósta Chiarraí, agus cósta Uíbh Ráthaigh ar an liosta. Níl áit ar bith eile i nGaeltacht na Mumhan ar an liosta.