Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Taispeántas ealaíne Scoil na Seolta

|

Cuireadh imeacht ceiliúrtha do Scoil na Seolta ar siúl in ionad Skainos ar Bhóthar Nua na hArda in Oirthear Bhéal Feirste ar na mallaibh.

Is ann atá an eagraíocht teanga Turas lonnaithe agus is taispeántas ealaíne a eagraíodh le ceiliúradh a dhéanamh ar obair Naíscoil na Seolta agus ar an dul chun cinn atá déanta ag an phobal thart uirthi ó seoladh í. Bhí ealaín na bpáistí as Naíscoil na Seolta le feiceáil sa taispeántas, rud a chur go mór leis.

Beidh Scoil na Seolta ag tosnú go hoifigiúil i Meán Fómhair na bliana seo le seachtar páistí. Is céim ollmhór é seo don scoil agus a gcuid tacadóirí i ndiaidh dóibh bóthar fada a shiúl. Beidh an seachtar páistí ag tosnú i Rang 1, agus beidh an Naíscoil go fóill ann chomh maith. 

Labhair muid le Ciara Moore, Ceannaire Naíscoil agus Scoil na Seolta, chomh maith leis an tuismitheoir Anne O’Neill atá ar bís do mhac s’aici a bheas ag tosnú i Rang 1 i ndiaidh dó freastal ar an Naíscoil.

Beidh an scoil lonnaithe i bhfoirgneamh úrnua ar Bhóthar Montgomery ar an Caisleán Riabhach. Is féidir tuilleadh eolais a fháil faoi Scoil na Seolta anseo.

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta