Deir ball de bhord Údarás na Gaeltachta go dteastaíonn soiléiriú faoi ról na heagraíochta i gcúrsaí tithíochta sa nGaeltacht “i bhfad níos túisce” ná mar atá geallta ag an rialtas.
Dúirt an tAire Gaeltachta Dara Calleary an mhí seo go raibh súil aige go mbeadh na dréacht-treoirlínte pleanála don Ghaeltacht foilsithe roimh dheireadh na bliana. Dúirt an tAire Calleary go mbeadh ról ag Údarás na Gaeltachta ó thaobh cúrsaí tithíochta agus meastar go leagfar amach sna treoirlínte cuid de na cumhachtaí agus na cúraimí a bheidh ag an Údarás.
Deir Máirtín Lee, ball de bhord an Údaráis agus comhairleoir contae i nGaillimh, nár chóir go mbeifí ag fanacht go dtí deireadh na bliana sula dtiocfaidh scéal faoi ról an Údaráis i gcúrsaí tithíochta sa nGaeltacht.
“Níl muid cinnte fós ó thaobh bhord an Údaráis de cén ról a bheidh ag an Údarás ó thaobh tithíochta de,” a dúirt Lee agus é ag labhairt ar Adhmhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.
Dúirt Lee go raibh cúrsaí tithíochta á bplé ag bord an Údaráis le fada ach go rabhthas fós ag fanacht ar fhreagra soiléir ón rialtas faoi céard go díreach a d’fhéadfaí a dhéanamh.
“Tá an cheist seo pléite ag an mbord agus tá an bord tinn tuirseach á plé i ndáiríre. Idir an Roinn Tithíochta agus Roinn na Gaeltachta, níl aon fhreagra sásúil faighte ag an mbord fós cá seasann siad ó thaobh tithíochta de,” ar sé.
Mhaígh Lee, comhairleoir de chuid Fhianna Fáil ó Thír an Fhia, nach bhféadfaí cúrsaí tithíochta sa nGaeltacht a fhágáil faoi na húdaráis áitiúla amháin agus gur cheart go mbeadh páirt ghníomhach ag an Údarás ann.
“Ní fhéadfadh muid [rudaí a fhágáil mar atá] mar tá’s againn uile go dteastaíonn tithíocht ach tá muid fós ag fanacht ar shoiléiriú cén ról a bheidh ag an Údarás. Dúirt an tAire linn sna Forbacha an tseachtain seo caite go mbeadh ról ag an Údarás agus go raibh súil aige roimh dheireadh na bliana [sin a shoiléiriú]. Cheapfainn féin go bhfuil sé sin rófhada uainn. Caithfear soiléiriú a dhéanamh ar ról an Údaráis i bhfad níos túisce ná sin,” a dúirt Máirtín Lee.
Agus an obair ar na treoirlínte pleanála don Ghaeltacht fós ag dul ar aghaidh, tuigtear go bhfuil ceisteanna ann maidir le cén chaoi a bhféadfaí tús áite a thabhairt do chainteoirí Gaeilge maidir le soláthar tithíochta sa nGaeltacht.
Dúirt Lee go raibh sé tábhachtach go dtabharfaí tús áite dóibh siúd a bhí ag iarraidh teaghlaigh a thógáil le Gaeilge sa nGaeltacht.
“Má tá muid dáiríre faoin nGaeltacht a choinneáil beo agus pobal na Gaeltachta a choinneáil beo, caithfidh meáchan éicint a bheith ar an té atá ag iarraidh teach a dhéanamh go háitiúil agus cónaí san áit agus a chlann a thógáil le Gaeilge.”
Easpa córas séarachais atá ar cheann de na bacanna is mó ionaid tithíochta a thógáil sa nGaeltacht i láthair na huaire agus dúirt Lee go gcaithfeadh an rialtas tuilleadh a dhéanamh chun córais a fhorbairt i gceantair Ghaeltachta mar nach féidir brath ar Uisce Éireann chun é a dhéanamh.
“Má tá [an rialtas] dáiríre faoi thithíocht a dhéanamh, caithfidh siad é sin a dhéanamh. Tá’s againn go bhfuil suíomhanna ann. Tá talamh ag an gComhairle Contae i gCeantar na nOileán, tá talamh acu ar fud an chontae uile ach i go leor áiteanna is é an freagra a gheobhaidh tú ón gComhairle Contae ná nach bhfuil na seirbhísí ann agus is í an tseirbhís is mó atá ag teastáil ná coras séarachais.”
Dúirt Lee gur cheart comhlachtaí a íoc chun córais séarachais a thógáil agus go bhféadfaí iad ansin a thabhairt ar láimh d’Uisce Éireann.