Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Seoladh ‘Mo Chéad Leabhar’ le hAltram

|

Bhailigh cleachtóirí luathbhlianta agus tuistí le chéile in Ionad na Fuiseoige, Iarthar Bhéal Feirste, an tseachtain seo le ceiliúradh a dhéanamh ar sheoladh ‘Mo Chéad Leabhar’, tionscadal idir Altram agus Teiripeoirí Urlabhra agus Teanga in Iontaobhas Seirbhísí Sláinte agus Sóisialta an Oirdheiscirt.

Is aistriúchán é an leabhar seo ar leagan Béarla dar teideal ‘Baby Bump’s First Book’, a spreagann tuismitheoirí nua labhairt leis an leanbh agus iad go fóill sa bhroinn.

Tugann Altram tacaíocht do thionscnaimh luathbhliantaí ar fud an tuaiscirt agus is bealach eile é an togra seo chun tacú le teaghlaigh óga.

Dúirt Aisling Walls, Bainisteoir Altram, go mbeidh áiseanna eile ag teacht ón eagraíocht a dhíreoidh ar am luí agus ióga na mbabaithe, le cois nithe eile.

Labhair Meon Eile le Wendy Mistéil faoin togra agus d’inis sí dúinn faoin aidhm atá ag Altram an méid áiseanna luathbhlianta atá ann i mBéarla a chur ar fáil trí mheán na Gaeilge fosta. Tá fuaimrian, déanta ag Wendy í féin, ar fáil leis an leabhar chomh maith.

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta