Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Maoiniú fógartha don Spidéal ach tuismitheoirí Chois Fharraige fós i mbun agóide faoin R336

| ,

Bhailigh na céadta lasmuigh de bhunscoileanna Chois Fharraige arís inné mar chuid d’fheachtas chun aird a tharraingt ar an gcontúirt a bhaineann le bóthar an cheantair.

Tá an feachtas ar bun le cúpla mí anuas agus tuismitheoirí ag éileamh go ndéanfaí gníomh chun an bóthar áitiúil, an R336, níos sábháilte do ghasúir.

Chruinnigh tuismitheoirí, daltaí agus daoine eile ón bpobal lasmuigh de scoileanna sna Forbacha, ar An Spidéal agus in Indreabhán mar chuid den agóid agus iad ag iarraidh dul i bhfeidhm ar an údarás áitiúil agus ar an rialtas. Tá agóid eile beartaithe lasmuigh de Scoil Shéamais Naofa i mBearna maidin amárach.

Fógraíodh an tseachtain seo caite go bhfuil airgead le cur ar fáil chun trasrian coisithe a fhorbairt gar do Scoil Éinne ar an Spidéal ach leanadh leis an agóid lasmuigh den scoil inné agus éileamh á dhéanamh go réiteofaí an fhadhb lasmuigh de scoileanna uile an cheantair.

Lucht agóide lasmuigh de Scoil na bhForbacha inné. Pic: Vanessa Jordan

D’fhógair an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail le gairid go bhfuil €80,000 le cur ar fáil do Chomhairle Chontae na Gaillimhe chun trasrian coisithe a sholáthar gar do Scoil Éinne. An comhlacht forbartha áitiúil, Comhlacht Forbartha an Spidéil, a rinne iarratas ar an maoiniú.

Tá an togra ar cheann de bhreis is 200 tionscadal pobail a fuair maoiniú le gairid faoin gCiste Aitheantais Pobail. €17 milliún ar fad atá le cur ar fáil chun na tionscadail a sheachadadh ar fud na tíre.

I nGaillimh, tá €120,000 le tabhairt d’Ionad Óige Bhearna/Na Forbacha chun seomraí cruinnithe a fhorbairt san ionad agus tá €70,000 le caitheamh le leithris a uasghrádú agus a athchóiriú ar Pháirc an Chathánaigh ar an gCeathrú Rua.

Ó dheas i gCorca Dhuibhne, tá €50,000 le tabhairt do Chumann Caide na Gaeltachta chun forbairtí a dhéanamh ar Pháirc Ghallarais agus €62,000 le caitheamh ar pháirc chumann Rugbaí Chorca Dhuibhne. Tá €62,000 eile le caitheamh ar fhorbairt an charrchlóis ag Áiseanna na hÓige sa Daingean.

I measc na dtograí i nGaeltacht Dhún na nGall atá le maoiniú, tá breis is €50,000 le fáil ag Coiste Forbartha Dobhair Teo chun uasghrádú a dhéanamh ar threalamh in ionad an choiste ar an mBun Beag.

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta