Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Liam Óg Ó hAnnaidh ligthe amach ar bhannaí agus cion sceimhlitheoireachta curtha ina leith i Londain

| ,

Ligeadh amach ar bhannaí gan choinníoll Liam Óg Ó hAnnaidh ón mbanna rap Kneecap i ndiaidh dó teacht os comhair na cúirte i Londain, mar a cuireadh cion sceimhlitheoireachta ina leith.

An 20 Lúnasa an chéad dáta eile don éisteacht. Dúirt an príomhgiúistís Paul Goldspring le Ó hAnnaidh go gcaithfeadh sé a bheith i láthair sa chúirt an lá sin.

Dúirt foireann dlí an rapálaí gur chabhair a bheadh ann dá mbeadh ateangaire Gaeilge ar fáil don triail i mí Lúnasa. Fiafraíodh sa chúirt de Ó hAnnaidh ar mhaith leis ateangaire Gaeilge ach dúradh nach rabhthas ábalta ceann a fháil don lá inniu.

Éisteacht an-ghairid a bhí ann agus níor labhair an cosantóir ach amháin chun a dheimhniú don chúirt cérbh é. I nGaeilge a thug sé a ainm.

Thug an slua a bhí bailithe taobh amuigh de Chúirt Dúiche Westminster bualadh bos mór don rapálaí, a raibh spéaclaí gréine agus keffiyeh air nuair a tháinig sé amach ón gcúirt.

Tá sé curtha i leith Liam Óg Ó hAnnaidh, nó Mo Chara, gur thaispeáin sé brat agus é ar stáitse i Londain mar chomhartha tacaíochta le Hezbollah, eagraíocht a bhfuil cosc orthu.

Tharla an eachtra nuair a bhí Kneecap agus Ó hAnnaidh, atá 27 bliain d’aois agus arb as Béal Feirste dó, ar stáitse i bhFóram an O2 i mBaile Kentish, Londain, ar an 21 Samhain 2024.

Deir Kneecap go bhfuil an cás mar chuid d’iarracht a mhaíonn siad atá ar siúl ag na húdaráis iad a chur ina dtost agus aird daoine a tharraingt ón gcáineadh leanúnach neamhbhalbh atá déanta acu ar an gcinedhíothú atá ar bun ag Iosrael in Gaza.

“Séanaimid an ‘cion’ seo agus déanfaimid sinn féin a chosaint go láidir, póilíneacht pholaitiúil atá anseo, carnabhal mearbhaill atá ann,” a dúirt an grúpa.

 
X/@ronanduffy_

Dúirt an t-ionchúisitheoir Michael Bisgrove sa chúirt inniu go raibh láncheart ag Liam Óg Ó hAnnaidh tacú le cás mhuintir na Palaistíne ach nár bhain an cás lena thacaíocht don Phalaistín ná a cháineadh ar Iosrael.

Níos túisce ar maidin, tháinig Liam Óg Ó hAnnaidh, arb é Mo Chara a ainm stáitse, go dtí an chúirt in éineacht le beirt bhall eile Kneecap, Naoise Ó Cairealláin (Móglaí Bap) agus J J Ó Dochartaigh (DJ Próvaí).

Bhí t-léinte a raibh ‘Free Mo Chara’ orthu á gcaitheamh ag an mbanna.

Faoin am a bhain an triúr Cúirt Dúiche Westminster amach bhí slua mór dá lucht tacaíochta bailithe chun tacú leo.

Bhí plaicird agus bratacha á n-iompar ag go leor mar thacaíocht le Ó hAnnaidh, Kneecap agus an Phailistín.

Ar na bratacha a bhí le feiscint, bhí cinn mhóra a raibh ‘Free Speech, Free Palestine’ breactha orthu.

Bhí gach aon gháir mholta nuair a tiomáineadh veain thar bhráid a raibh an mana ‘More Blacks, More Dogs, More Irish, Mo Chara’ air, an mana céanna atá ar na cláir mhóra fógraíochta a chroch Kneecap ar fud Londan roimh thús an cháis.

Shiúil Kneecap suas staighre na cúirte agus d’fhéach siad amach ar an slua ag beannú dóibh.

Agus iad ag fanacht ar thoradh an cháis agus filleadh Kneecap, chan an slua ‘Free, free, Palestine’, ‘Free Palestine, free mo chara’ agus ‘Ó Ró Sé do Bheatha Abhaile’. Tugadh óráidí faoi chás mhuintir na Palaistíne agus faoin tsaoirse cainte.

Tá Liam Óg Ó hAnnaidh os comhair na cúirte mar go bhfuil sé curtha ina leith go ndearna sé cion faoi Alt 13 d’Acht Sceimhlitheoireachta na Ríochta Aontaithe.


X/@TommyMeskill

Deir an tAlt sin gur cion é ag láthair phoiblí ball éadaigh a chaitheamh nó rud éigin eile a chaitheamh, a iompar nó a thaispeáint ar shlí a chothódh cúis réasúnta amhrais gur ball nó duine de lucht tacaíochta tú d’eagraíocht faoi chosc.

De réir na reachtaíochta d’fhéadfaí tréimhse príosúin suas le sé mhí nó fíneáil nó an dá rud a ghearradh ar an té a chiontófaí faoi alt 13. Baineann dliteanas dian le cion faoi alt 13, rud a chiallaíonn nach gá do na cúisitheoirí a chruthú gur d’aon ghnó a rinneadh an cion.

Tá na scórtha ceoltóir ag tacú le Kneecap, ina measc Paul Weller, Pulp, Massive Attack, Primal Scream, Fontaines DC agus Christy Moore.

Deir Kneecap go bhfuil an dream atá “ag déanamh airgid ar an gcinedhíothú” úsáid an “dlí in aghaidh na sceimhle” ina gcoinne “toisc gur thaispeáin muid bratach a caitheadh aníos ar an stáitse”.

Deir siad gur “cúiseamh” é nach bhfuil fiú “sách tromchúiseach” le go n-éistfí é i gCúirt Chorónach seachas “i gcúirt nach bhfuil aon ghiúiré inti”.

“Cén aidhm atá leis sin? Le srian a chur lenár gcumas taistil. Le cosc a chur orainn labhairt le daoine óga ar fud an domhain. Le glórtha na comhbhá a chur ina dtost. Leis an dlí a chur ar ealaíontóirí a mbíonn sé de mhisneach acu labhairt amach.”

“In áit cosaint a thabhairt do dhaoine neamhchiontacha agus do phrionsabail an dlí idirnáisiúnta a mhaíonn siad a seasann siad leo, is amhlaidh a chuidigh lucht cumhachta na Breataine leis an sléacht agus an gorta in Gaza, díreach mar a rinne siad ar feadh na gcéadta bliain in Éirinn. Mar a dhéanann siad anois, mhaígh siad an uair sin freisin go raibh údar acu.

“Is iad aonaid an IDF [Fórsaí Cosanta Iosrael] a gcuireann siad airm ar fáil dóibh agus a ndéanann siad misin spiaireachta eitleán ar a son na fíorsceimhlitheoirí, is léir don saol mór é sin.”

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta