Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Kneecap curtha le clár Electric Picnic ach a dtaispeántas ag Glastonbury á mheas ag na póilíní

| , ,

Tá sé fógartha go mbeidh an banna ceoil Kneecap ag seinm ar phríomhstáitse fhéile Electric Picnic na bliana seo.

Fógraíodh go raibh an rapghrúpa curtha le clár na féile, a bheidh ar siúl idir 29-31 Lúnasa ar an Sráidbhaile i gcontae Laoise.

Tagann an scéala seo sna sála ar thaispeántas Kneecap ag Féile Glastonbury ag an deireadh seachtaine, áit ar éirigh go maith leo i súile na gcriticeoirí ach tá sé fógartha ag na póilíní go bhfuil a dtaispeántas á mheas acu.

Tá ball den bhanna, Liam Óg Ó hAnnaidh, ligthe amach ar bannaí i láthair na huaire agus cion sceimhlitheoireachta curtha ina leith i dtaobh tacaíocht a léiriú don ghrúpa Hezbollah. Tá Ó hAnnaidh, nó Mo Chara mar a thugtar air, le teacht os comhair na cúirte arís mí Lúnasa.

Agus an banna ar stáitse ag an deireadh seachtaine, dúirt ball eile de Kneecap, Naoise Ó Cairealláin (Móglaí Bap), gur cheart do dhaoine “racán a thógáil lasmuigh den chúirt” ach dúirt sé ansin “ní racán ach grá agus tacaíocht, agus tacaíocht do mhuintir na Palaistíne”.

Chuir Ó Cairealláin an slua ag cantaireacht “f*** Keir Starmer” chomh maith tar éis do Phríomh-Aire na Breataine a rá roimh an bhféile nach mbeadh taispeántas Kneecap “fóirsteanach”.

Tarraingíodh conspóid ag an bhféile Dé Sathairn nuair a chuir an rapálaí Bobby Vylan, ón ngrúpa Bob Vylan a bhí ar stáitse roimh Kneecap, an slua ag cantaireacht ‘Saoirse, Saoirse don Phalastín’ agus ‘Bás, Bás don IDF’.

Dúirt Póilíní Avon and Somerset go bhfuil siad ag déanamh measúnú ar ráitis a rinne an banna Kneecap agus an banna Bob Vylan, ag an bhféile agus go raibh siad “ar an eolas faoi ráitis a rinneadh ar stáitse West Holts ag Féile Glastonbury” ar an Satharn. Dúirt siad go raibh siad “ag déanamh measúnú ar fhíseáin, chun cinneadh a dhéanamh cé acu a ndearnadh coireanna ar bith”.

D’eisigh an BBC ráiteas an tseachtain seo caite ag rá nach mbeadh craoladh beo á dhéanamh ar thaispeántas Kneecap ag Glastonbury, ach go mbeadh seans ann go mbeadh a dtaispeántas ar fáil ar an seinnteoir.

Ag labhairt faoin chinneadh taispeántas Kneecap a chur ar fáil ar an seinnteoir, dúirt urlabhraí ón BBC “gur chuir siad leagan de thaispeántas Kneecap” ar fáil ach go raibh eagarthóireacht déanta acu air chun a chinntiú go raibh sé ag teacht le treoirlínte eagarthóireachta”.

Spreag an cinneadh sin ón BBC, bean amháin ón Bhreatain Bheag dul i mbun gnímh agus seit Kneecap uilig a sruthú beo ar an ardán TikTok. D’idirghníomhaigh níos mó ná 2 milliún duine leis an sruth beo sin agus a fón crochta in airde aici ar feadh uair an chloig.

D’fhógair póilíní Londan ag an deireadh seachtaine nach raibh Kneecap le cúiseamh maidir le heachtra a tharla ag ceolchoirm de chuid an bhanna i mí na Samhna 2023 nuair a dúirt duine den ghrúpa: “An t-aon Tóraí maith ná Tóraí marbh. Maraigh do MP áitiúil”.

Dúirt na póilíní go raibh “fiosrúchán cuimsitheach” déanta ach nach bhféadfaí duine a chúiseamh in aon choir toisc go raibh an iomarca ama caite ó tharla an eachtra.

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta