Ní léir go fóill cén rath a bheidh ar an sos comhraic idir an Iaráin agus Iosrael a d’fhógair uachtarán na Stát Aontaithe, Donald Trump, agus ionsaí déanta ag Iosrael ar an Iaráin in éiric a deir siad ar ionsaithe diúracán eile a rinne an Iaráin ar an tír.
I ráiteas ó oifig Phríomh-Aire Iosrael tráthnóna, dúradh gur labhair an príomh-aire Benjamin Netanyahu le Trump agus nach raibh aon ionsaí eile déanta ag Iosrael ó rinne siad ionsaí ar ionad radair.
Deir údaráis Iosrael gur scaoil an Iaráin ruathar eile diúracán leo tar éis don sos comhraic a bheith i bhfeidhm ach tá séanta ag arm na hIaráine gur ndearna siadsan aon ionsaí ó thosaigh an sos comhraic.
Sna tuairiscí nuachta i Tehran maítear gur seoladh 14 diúracán díreach sular fógraíodh an sos comhraic.
Bhí dóchas ann go raibh deireadh leis an dá lá dhéag cogaíochta idir na sean-naimhde, ach dúirt Aire Cosanta Iosrael, Israel Katz, gur ordaigh sé féin don arm “troid ar ais go tréan” de bharr gur sháraigh an Iaráin an sos comhraic.
Dúirt sé gur ordaigh sé go ndéanfaí “ionsaithe tréana ar spriocanna an réimis i lár na príomhchathrach, Tehran”.
Dúírt an tUachtarán Trump le hIosrael ina dhiaidh sin gur sárú ar an sos comhraic a bheadh ann dá scaoilfidís buamaí leis an Iaráin agus gan é a dhéanamh.
Roimh chaint Katz, bhí arm Iosrael tar éis a rá gur aimsigh siad diúracáin á seoladh as an Iaráin.
Ní raibh sé ach trí uair an chloig ó d’fhógair Trump go raibh an sos comhraic i bhfeidhm go raibh an tAire Cosanta ag ordú d’arm Iosrael tosú arís ag ionsaí na hIaráine.
Cé gur dhúirt siad níos túisce go gcloífeadh an tír leis an sos comhraic dá ndéanfadh Iosrael amhlaidh, ní raibh aon ghéilleadh d’aon ionsaí ag údaráis na hIaráine ach an oiread agus ina ráiteas, dúradar go dtabharfaí “freagra sciobtha, tréan agus dáiríre” ar aon ionsaí eile.
Cor cinniúnach a bhí sa gcogadh is deireanaí seo Dé Domhnaigh nuair a tháinig na Stáit Aontaithe i gcabhair ar fheachtas Iosrael chun trí láthair núicléach a bhuamáil ón aer.
Lá arna mhárach rinne an Iaráin ionsaí díoltais ar bhunáit na Stát Aontaithe i Qatar, tar éis dóibh réamhfhógra a thabhairt, rud a thug deis do na saighdiúirí a bhí ar dualgas ansin dul ar foscadh nó an áit a fhágáil.
Mheabhraigh an Taoiseach, Micheál Martin dúinn go raibh an baol ann go ndéanfaí dearmad ar an drochbhail atá ar dhaoine in Gaza agus aird an domhain mhóir ar an gcogadh idir an Iaráin agus Iosrael.
“Is mór an náire an líon daoine atá fós ag fáil bháis in Gaza. Ní féidir glacadh leis go bhfuil an oiread sin páistí i mbéal báis leis an ocras agus easpa cothaithe agus ní mór don phobal idirnáisiúnta aird an choinneáil ar dheireadh a chur leis an gcogadh in Gaza,” a dúirt sé.
Dúirt an Taoiseach freisin go ndéarfadh sé leis an ceannairí Eorpacha eile ag an gcruinniú mullaigh sa Bhruiséil gur chóir an conradh trádála atá ag an Aontas Eorpach le hIosrael a chur ar fionraí.
“Tá an dlí daonnúlachta idirnáisiúnta sáraithe ag Iosrael ina chogadh in Gaza. Ba chóir go mbeadh pionós ar an sárú sin.”