Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Éigse Loch Lao 2025

|

Bhunaigh Ollscoil Uladh i gcomhar le Cumann Cultúrtha Mhic Reachtain Éigse Loch Lao in 2010 chun litríocht na Gaeilge a cheiliúradh i mBéal Feirste trí imeachtaí sóisialta achan bhliain. Chruinnigh baill ó na heagraíochtaí Gaeilge, Ollscoil Uladh agus cuid mhaith de na comhairlí áitiúla chun éisteacht leis an phlé shuimiúil a bhí ar siúl i Léachtlann an Orpheas i gcampas Béal Feirste, Ollscoil Uladh.

I mbliana ba é ‘Tírdhreacha Teanga: An Ghaeilge sa Réimse Phoilblí’ téama na gcainteanna agus i measc na n-ábhar bhí ceist na gcomharthaí sráide dátheangacha, logainmneacha agus feiceálacht na Gaeilge.

Labhair Meon Eile leis an Dr Niall Comer, Léachtóir Gaeilge le hOllscoil Uladh, a bhfuil baint láidir aige i gcónaí le Conradh na Gaeilge. An teideal a bhí ar léacht s’aige ná ‘Ceart Teanga=Ceart Daonna: feachtais Chonradh na Gaeilge i leith fheiceálacht na Gaeilge’, agus d’inis sé dúinn faoin tábhacht a bhaineann leis an teanga a chur chun cinn sa réimse phoiblí.

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta