Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Bronnadh na bhFáinní i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich

|

B’álainn an t-atmaisféar a bhí le brath i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich Dé Sathairn seo caite agus na fáinní airgid agus óir agus na suaitheantais ‘Cúpla Focal’ á mbronnadh ar na foghlaimeoirí uilig ar éirigh leo sna scrúduithe an téarma seo.

Cuireadh an bronnadh ar siúl in amharclann na Cultúrlainne agus reáchtáladh cóisir ar an díon ina dhiaidh, ní hamháin le ceiliúradh a dhéanamh ar dheireadh an téarma ach ar ghrianstad an tsamhraidh, a bhí ag titim amach Dé Sathairn, fosta.

Labhair Meon Eile le Cónall Ó Corra, Stiúrthóir Chultúrlann McAdam Ó Fiaich, faoin bhronnadh, faoin rath atá ar na ranganna agus faoi chlár imeachtaí nua na Cultúrlainne a seoladh le linn an lae chomh maith. Phléigh Eimear Nic Coitir a cuid taithí mar mhúinteoir linn agus thapaigh Eóin King an deis a chuid ‘Cúpla Focal’ féin a chur in úsáid os comhair an cheamara.

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta