Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

‘Athrú réimis’ san Iaráin á lua ag Trump

| ,

Bhí teachtaireacht an Uachtaráin Trump ar a mheán sóisialta ar an Domhnach ag teacht salach ar a raibh le rá ag feidhmeannaigh eile dá chuid

Tá an chuma ar an scéal go raibh Uachtarán na Stát Aontaithe, Donald Trump, ag tacú le hathrú réimis san Iaráin agus é ag maíomh go raibh “damáiste ollmhór” déanta ag ionsaithe aeir a thíre do shaoráidí núicléacha na hIaráine.

Bhí teachtaireacht an Uachtaráin Trump ar a mheán sóisialta ar an Domhnach ag teacht salach ar a raibh le rá ag feidhmeannaigh eile dá chuid, agus é ráite aige “níl an téarma ‘athrú réimis’ ag teacht leis na tuairimí polaitíochta atá ceart na laethanta seo ach mura bhfuil an réimeas atá i gceannas san Iaráin faoi láthair in ann an Iaráin a dhéanamh iontach arís, cén fáth nach mbeadh athrú réimis ann?”

Bhí sé á áitiú roimhe sin ag Rúnaí Cosanta na tíre, Pete Hegseth, “nach athrú réimis an aidhm a bhí ná atá leis an misean”. Dúirt an Leas-Uachtarán, JD Vance nár theastaigh ó na Stáit Aontaithe “athrú réimis a thabhairt isteach san Iaráin”.

Tar éis do na Stáit Aontaithe ionsaithe aeir a dhéanamh ar na saoráidí núicléacha ag Fordow, Natanz agus Isfahan, dúirt an tUachtarán Trump go gcaithfeadh an Iaráin síocháin a dhéanamh le hIosrael nó mura ndéanfadh go mbeadh “ionsaithe níos measa” i ndán di.

Ghabh Trump buíochas le harm na Stát Aontaithe as a gcumas agus dúirt: “Deirtear liom go ndearnadh damáiste ‘ollmhór’ do na láithreacha núicléacha. Buaileadh go láidir agus go cruinn iad. Léirigh ár bhfórsaí míleata an-scil go deo. Go raibh maith agaibh!”

Tá bagairt déanta ag roinnt ceannairí míleata sinsearacha san Iaráin go n-íocfaidh Meiriceá as na hionsaithe sin.

D’eisigh ceannasaí arm na hIaráine, Abdolrahim Mousavi, ráiteas inar dhúirt sé go raibh leithscéal tugtha ag na Stáit Aontaithe dá chuid fórsaí féin “aon bheart” a dhéanamh in aghaidh thrúpaí na Stát Aontaithe. Dúirt sé “nach ngéillfeadh an Iaráin go deo”.

De bharr ionsaithe na Stát Aontaithe ar láithreacha núicléacha na hIaráine, maíonn na húdaráis ansin gur mó anois na spriocanna a bhfuil sé de cheart ag a fórsaí míleata féin iad a ionsaí.

Dúirt Ebrahim Zolfaqari, urlabhraí cheanncheathrú na bhfórsaí míleata, Khatam al-Anbiya, gur chóir do na Stáit Aontaithe a bheith ag súil le hiarmhairtí tromchúiseacha ar a gcuid ionsaithe.

“Mr Trump, an cearrbhach, b’fhéidir gur tusa a thosódh an cogadh seo ach is muidne a chríochnóidh é, a dúirt Zolfaqari.

Bhí Iosrael agus an Iaráin ag ionsaí a chéile ó shin agus an domhan ar bior féachaint cén chaoi a ndéileálfadh an Iaráin le hionsaithe na Stát Aontaithe ag an deireadh seachtaine.

Tá an chuma ar na pictiúir shatailíte ó ionad núicléach Fordow, atá go domhain faoi thalamh, go ndearna na buamaí ar an Satharn an t-uafás damáiste don láthair.

Labhair Valdimir Putin, Uachtarán na Rúise, le hAire Gnóthaí Eachtracha na hIaráine inniu agus dúirt sé leis nach raibh cúis ná ábhar ag na Stáit Aontaithe an Iaráin a bhuamáil agus go raibh Moscó ag iarraidh cuidiú le muintir na hIaráine.

I ráiteas ó Aire Gnóthaí Eachtracha na tíre seo, Simon Harris, dúirt sé “nach aon chúnamh dá laghad” a bhí sna hionsaithe agus gurb amhlaidh a chuir siad leis an gcontúirt a bhain le scéal a bhí sách gangaideach dá n-uireasa.

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta