Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

An ceathrú lá den choimhlint mharfach idir an Iaráin agus Iosrael

| ,

Ceithre lá ó thosaigh Iosrael ar a chuid ionsaithe, maíonn na húdaráis go bhfuil smacht iomlán acu féin san aer os cionn Tehran, príomhchathair na hIaráine. Meastar gurb é an t-achrann is deireanaí seo an ceann is measa san aighneas idir Iosrael agus an Iaráin atá ag borradh le daichead bliain.

Leanadh le hionsaithe Iosrael i rith na hoíche aréir agus scaoil an Iaráin maidhm diúracán le hIosrael, agus d’éirigh le cuid díobh sin córas cosanta Iosrael, an Iron Dome, a shárú.

Tá Iosrael ag géarú ina n-iarrachtaí cumas míleata agus núicléach na hIaráine a scrios agus an Iaráin ag scaoileadh múr diúracáin bhalaistíochta ar ais.

D’fhógair Iosrael inniu gur bhuail siad lárionad ceannais Scothfhórsa Quds na hIaráine.

Agus an chuma ar chúrsaí faoi láthair nach bhfuil aon rún ag Iosrael éirí as an mbuamáil, tá cuid de mhuintir na hIaráine ag réiteach d’ionsaí a mhairfidh tamall fada.

Más fíor d’oifig Phríomh-Aire Iosrael agus do thuairiscí sna meáin é, ceathrar is fiche duine atá maraithe sa tír sin ó thosaigh na hionsaithe.

Deir údaráis na hIaráine go bhfuil breis is 220 duine maraithe ansin ó thosaigh an t-ionsaí is déanaí Dé hAoine agus gur sibhialtaigh ab ea 90% de na mairbh.

Níl aon ghlacadh ag an Iaráin le háitiú Iosrael go ndearna siadsan a gcuid ionsaithe go pointeáilte ar ionaid ar leith [míleata nó taighde núicleach] ach deir na hIaránaigh gur maraíodh mná agus páistí i gceantair chónaithe sa gcathair.

Tuairiscítear sna meáin san Iaráin go ndearnadh go leor damáiste d’ospidéal in iarthar na tíre nuair a buaileadh é in ionsaí de chuid Iosrael inniu, an Luan.

Tá a phort athraithe ag Israel Katz, aire cosanta Iosrael, agus é tar éis a rá nach raibh “rún ar bith” ag a thír féin aon dochar a dhéanamh d’áithritheoirí Tehran, cé gur bhagair sé roimhe seo gurbh iad na daoine ata ina gcónaí i gcathair Tehran “a d’íocfadh” as ionsaithe ionsaithe na hIaráine ar phobal sibhialtach Iosrael.

Tá sé ráite ag Uachtarán na hIaráine, Masoud Pezeshkian, nach bhfuil sé i gceist ag an Iaráin arm núicléach a fhorbairt ach go gcosnóidh sí a ceart fuinneamh agus taighde núicléach a dhéanamh.

Tráth cinniúnach é seo agus ceannairí an G7 ag tabhairt faoina gcruinniú trí lá i gCeanada. Ceann de na dúshláin atá rompu iarracht a dhéanamh teacht ar chomhréiteach éigin, más féidir, faoin aighneas seo idir an Iaráin agus Iosrael, aighneas atá ag dul in olcas.

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta