Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Turas Treoraithe thart ar Ghleann Cholann le Gearóid Ó Muilleoir

|

Cuireadh turas treoraithe ar siúl thart ar Ghleann Cholann, Béal Feirste, ar na mallaibh, é faoi stiúir Ghearóid Uí Mhuilleoir, gníomhaí timpeallachta áitiúil agus scríbhneoir an cholúin ‘Dúlra’ san Andersonstown News.

D’fhreastail Gaelgeoirí óga ar an turas, a bhí eagraithe ag tionscadal oidhreachta de chuid Spórtlann na hÉireann, GaelStair. Ní rún é go bhfuil pobal na Gaeilge iontach paiseanta faoin teanga dhúchais agus stair na tíre a nascadh le logainmneacha agus leis an nádúr, agus ba é príomhaidhm an turais ná na daoine óga a chur ar an eolas faoin dúlra agus dúchas atá le haimsiú i gceantar s’acu féin.

Labhair Meon Eile le Gearóid agus le Mick Jackson, Comhordaitheoir Tionscadail ag GaelStair, faoin tábhacht a bhaineann le spéis sa dúlra, agus meas air, a chothú san aos óg.

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta