Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Robert Prevost roghnaithe ina phápa, an chéad phápa as Meiriceá

| , ,

Tá cáil an leasaitheora ar Robert Prevost arb é an Pápa Leo a rogha ainm mar phápa

Robert Prevost roghnaithe ina phápa, an chéad phápa as Meiriceá

Is é Robert Prevost an pápa nua, an chéad fhear as Stáit Aontaithe Mheiriceá a roghnaíodh mar cheannaire na hEaglaise Caitlicí. An Pápa Leo a roghnaigh Prevost, atá 69 bliain d’aois, mar ainm.

Tugadh an pápa nuathofa amach tráthnóna ar phríomhbhalcóin Bhaisleac Naomh Peadar le hé féin a chur in iúl don slua atá ag fanacht go foighdeach leis.

“Síocháin libh go léir,” a dúirt an Pápa nua, a bhfuil cáil an leasaitheora air.

As Chicago don phápa nua ar cheap an Pápa Proinsias dhá bhliain ó shin é ina cheann ar ar dhiacaistir na nEaspag sa Vatacáin, ceapachán a d’fhág go raibh sé de chúram air an chéad ghlúín eile d’easpaig a roghnú.

Chaith sé roinnt mhaith blianta mar mhisinéir i bPeiriú agus bhí sé ina ardeaspag ar an tír sin.

Bhí sé ina cheann chomh maith ar Choimisiún Pontaifiúil na Vatacáine.

Deatach bán ag séideadh san aer as an simléar agus cloig á mbualadh a chuir in iúl don slua a bhí cruinnithe taobh amuigh go raibh an cinneadh déanta agus go raibh comharba an Phápa Proinsias pioctha ag an gcoláiste cairdinéal.

Ina dhiaidh sin chuir Déan Coláiste na gCairdinéal ceist ar Prevost, ar ghlac sé lena thoghadh canónta mar ardphontaif.

Gheall na cairdinéil ansin go ngéillfidh siad dó agus tugadh isteach go dtí Seomra na nDeor é, seomra beag le taobh an tSéipéil Shistínigh, mar ar ghléas sé in éide gheal an phápa den chéad uair.

Feasta casóg fhada bhán an phápa a bhí á caitheamh aige seachas feisteas scarlóideach an chairdinéil nuair a tháinig sé amach ar phríomhbhalcóin Bhaisleac Naomh Peadar.

Aontacht a neartú laistigh den eaglais Chaitliceach ceann de na dúshláin is mó atá roimh an bPápa nua agus an deighilt atá ag géarú idir fórsaí liobrálacha agus fórsaí coimeádach faoi cheisteanna éagsúla, cúrsaí gnéasúlachta san áireamh, a chneasú.

Beifear ag súil freisin go léireoidh an Pápa nuathofa ceannaireacht maidir leis na haighnis is an t-ár in áiteanna amhail Gaza, an Úcráin agus an tSúdáin agus go dtarraingeoidh sé aird ar ábhair choilgneacha – an imirce, an ghéarchéim aeráide, fiachas domhanda agus an bhochtaineacht.

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta