Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Merz le bheith ina sheansailéir agus dóthain vótaí faighte aige ar an dara hiarracht 

| ,

Léiriú ar a leochailí is atá móramh Friedrich Merz, ceannaire an CDU, nár éirigh leis ar an gcéad iarracht an 316 vóta a theastaigh chun go dtoghfaí é a fháil

Merz le bheith ina sheansailéir agus dóthain vótaí faighte aige ar an dara hiarracht 

Tá vóta caite ag parlaimint na Gearmáine ar son cheannaire na gcoimeádach Friedrich Merz a bheith ina chéad seansailéir eile ar an tír.

Ba é seo an dara hiarracht inniu ag Merz dóthain vótaí a fháil. Theip air ar maidin dóthain vótaí a fháil le bheith ina sheansailéir, buille mór dá sheasamh mar cheannaire ar rialtas nua agus údar náire dó ó thaobh na polaitíochta de.

De ghnáth ní bhíonn i bhfaomhadh an tSeansailéara nua ach rud oifigiúil, agus ba é seo an chéad uair riamh sa tréimhse iarchogaidh sa Ghearmáin ar theip ar cheannaire le móramh dóthain vótaí a fháil ar an gcéad iarracht chun go dtoghfaí é.

Rinne Merz an beart ar deireadh tráthnóna nuair a d’éirigh leis 325 vóta fháil sa dara babhta vótála, móramh de naonúr.

Cuirfear mionn na seansailéireachta ar Friederich Merz, atá 69 bliain d’aois, agus rachaidh sé féin agus an 17 aire rialtais atá roghnaithe i mbun oifige.

Léiriú ar a leochailí is atá móramh Merz nár éirigh leis ar an gcéad iarracht an 316 vóta a theastaigh chun go dtoghfaí é a fháil.

630 suíochán atá sa Bundestag agus níor éirigh leis ach 310 vóta a fháil ar maidin.

Tá socrú comhrialtais déanta ag Merz leis na Daonlathaithe Sóisialta, atá ar chlé ón lár, agus bhí dóthain suíochán parlaiminte ag an dá pháirtí chun go dtoghfaí é. Ach ba chosúil nár vótáil 18 de na feisirí parlaiminte sin do Merz ar maidin.

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta