Níl sé i gceist ag an Rialtas aon dualgas a leagan ar thairgeoirí bia eolas a chur ar fáil i nGaeilge ar a n-earraí nuair a thabharfar isteach rialacha nua ón AE faoi lipéadú.
Dúirt an tAire Sláinte Jennifer Carroll MacNeill go raibh grúpa oibre trasrialtais á thabhairt le chéile ag an rialtas chun na rialacha nua a phlé ach nach mbeidh ceist na Gaeilge ar an gclár oibre acu.
Thug an tAire le fios go raibh cinneadh déanta cheana ag an Rialtas tús áite a thabhairt don Bhéarla nuair a thabharfar isteach na rialacha nua maidir le heolas cothúcháin a thaispeáint ar lipéid earraí bia.
Beidh ar chomhlachtaí an t-eolas cuí a thaispeáint i mBéarla de réir an dlí, bíodh sé sin i mBéarla amháin nó go dátheangach i mBéarla agus i nGaeilge.
Tá an tAE ag obair ó 2022 ar leasuithe a dhéanamh ar na rialacha a bhaineann leis an eolas a chuirtear ar fáil don phobal ar lipéid earraí bia.
Tá dlús á chur ag an AE athuair le dréachtú na rialacha nua agus dúirt an tAire Sláinte go dtiocfaidh grúpa oibre trasrialtais le chéile chun na dréachtrialacha a phlé nuair a bheidh siad ar fáil.
Ní bheidh cás na Gaeilge mar chuid den phlé, áfach.
“Ní bheidh an lipéadú dátheangach mar chuid de chúraimí an ghrúpa oibre trasrialtais,” a dúirt an tAire.
Dúirt sí, áfach, nuair a cuireadh Rialachán um Fhaisnéis Bhia do Thomhaltóirí (FIC) an AE isteach i ndlí na hÉireann gur fágadh rogha ann eolas a chur ar fáil go dátheangach “ar bhonn deonach”.
In 2022 rinne an tAE moltaí maidir leis an eolas cothúcháin a mbeadh sé riachtanach feasta é a chur ar lipéid earraí bia.
Faoi na moltaí sin, bheadh an leagan amach céanna ar an eolas cothúcháin ar earraí bia agus chaithfí an t-eolas a thaispeáint ar aghaidh an phacáistithe. Bheadh dualgais níos déine ann chomh maith maidir le heolas a chur ar an lipéad faoin áit as ar tháinig an bia. Thabharfaí isteach freisin rialacha nua maidir le marcáil dátaí ar na hearraí bia agus bheadh gá le liosta comhábhar agus dearbhú cothúcháin a chur ar lipéid deochanna alcólacha.
Tá cáineadh déanta ag Conradh na Gaeilge ar an neamhaird, a deir siad, atá á déanamh ar an nGaeilge agus an lipéadú á phlé.
“Is mór an náire é nach mbeadh aon phlé faoi lipéadú dátheangach ag grúpa oibre atá le bunú chun polasaí a fhorbairt bunaithe ar rialacháin Eorpacha,” a dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge.
“Tá neamhaird á déanamh ar phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta agus léiríonn sé easpa tacaíochta an Rialtais maidir lena chinntiú go mbeidh soláthar cothrom Gaeilge ann.”
Bhain conspóid teanga cheana le dlí faoina bhfuil rabhadh sláinte le cur ar lipéid deochanna meisciúla.
Tá an dlí nua le teacht i bhfeidhm an bhliain seo chugainn ach is i mBéarla amháin a bheidh na fógraí toisc gur roghnaigh an rialtas nach mbeadh siad i nGaeilge agus i mBéarla.
Mhaígh an rialtas ar dtús nach bhféadfaí glacadh le moladh maidir le lipéid dhátheangacha mar gur léirigh taighde go gcuirfeadh rabhadh sláinte i nGaeilge ‘mearbhall’ ar dhaoine ach léirigh scéal a foilsíodh ar an suíomh seo nach raibh ceist na Gaeilge ar na lipéid san áireamh in aon chor sa taighde a luaigh an t-aire sláinte ag an am, Simon Harris.
Nuair a pléadh an scéal arís cúpla bliain ina dhiaidh sin, dúradh go gcuirfeadh dualgas maidir le lipéid dhátheangacha isteach rómhór ar chomhlachtaí.
Nuair a thiocfaidh an rialachán i bhfeidhm mí Bealtaine 2026, ar lipéid deochanna meisciúla beidh gá le rabhadh sláinte ginearálta faoin gcontúirt a bhaineann le halcól a ól, chomh maith le rabhadh faoin gcontúirt a bhaineann le halcól a ól agus duine ag súil le páiste, agus rabhadh faoin nasc díreach idir ailse agus alcól.
Tháinig casadh eile sa scéal an mhí seo caite, áfach, nuair a dúirt an tAire Airgeadais Paschal Donohue go gcaithfí an plean a scrúdú arís i bhfianaise na dtaraifí a bhí beartaithe ag Uachtarán Mheiriceá Donald Trump ar dheochanna meisciúla ón tír seo.