Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Áras Uí Chonghaile – sé bliana ar an fhód

|

Is ionad staire é Áras Uí Chonghaile a bunaíodh in ómós don phoblachtach, sóisialaí agus ceannaire ceardchumainn, Séamus Ó Conghaile, a cuireadh chun báis in 1916 mar gheall ar an ról lárnach a bhí aige in Éirí Amach na Cásca.

Osclaíodh an t-ionad sé bliana ó shin ar Aoine an Chéasta, agus bhí Uachtáran na hÉireann, Michael D. Higgins, i láthair ag an ócáid.

Bhuail Meon Eile isteach chuig an ionad ar na mallaibh agus labhair muid le Bainisteoir Áras Uí Chonghaile, Séanna Walsh, faoin chloch mhíle atá bainte amach acu. 

Bíonn réimse leathan imeachtaí ar siúl san ioand álainn, idir léachtaí, cheolchoirmeacha, dhíospóireachtaí agus chruinnithe. Beidh Clár an tSamhraidh le fáil go luath ina mbeidh tuilleadh eolais faoi na himeachtaí uilig a bheas ag teacht aníos san Áras.

Is féidir cuairt a thabhairt ar shuíomh Áras Uí Chonghaile anseo.

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta