Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

‘Údar mórtais don náisiún’ – Rory McIlroy sa Táin i ndiaidh ghaisce Augusta

| , ,

Tá galfaire Ard Mhic Nasca ar an gcéad duine le 25 bliain anuas ar éirigh leis na ceithre mhórchomórtas a bhuachan

‘Údar mórtais don náisiún’ – Rory McIlroy sa Táin i ndiaidh ghaisce Augusta

Údar mórtais “don náisiún” ab ea bua Rory McIlroy sa US Masters in Augusta Georgia, a deir an Taoiseach.

Tá McIlroy sa Táin ó d’éirigh leis aréir an tseaicéid ghlas a bhuachan den chéad uair. Ba é an Masters an t-aon mhórchomórtas nach raibh buaite ag galfaire Ard Mhic Nasca. Fágann a bhua, i ndiaidh babhta a bhí lán teannais agus a bhí idir dhá cheann na meá go dtí an deireadh, gurb é an chéad duine le 25 bliain anuas ar éirigh leis na ceithre mhórchomórtas a bhuachan.

Cúigear eile a dhein an gaisce sin, Gene Sarazen i 1935, Ben Hogan i 1953, Gary Player i 1965, Jack Nicklaus i 1966 agus Tiger Woods in 2000.

Dúirt an tUachtarán Micheál D Ó hUigínn gur “éacht amach is amach” a bhí déanta ag McIlroy.

Dúirt an Taoiseach Micheál Martin gur ócáid iontach náisiúnta a bhí i mbua McIlroy, ócáid go gcuimhneofar ar feadh i bhfad uirthi.

“Chuir sé i gcuimhne dom George Hamilton agus Packie Bonner agus ‘a nation holds its breath’.

“Bhuel baineadh an anáil dínn gach cúig nóiméad ar feadh cúpla uair a chloig maith inné.

“Bhí an anáil á coinneáil istigh againn do gach amas agus gach tíbhuille, ach b’iontach an ócáid í. Ócáid í go gcuimhneoimid ar fad uirthi.”

“Sárú ar gach dúshlán a bhí ann. Léiríodh dúinn tráthnóna inné teacht aniar thar an gcoitiantacht.”

Eiseamláir iontach do dhaoine óga a bhí i McIlroy, a dúirt an Taoiseach.

“Is údar mórtais don náisiún Éireannach a bheith anois áirithe leis an gcúigear sárimreoirí eile i dTeampall Déithe an Ghailf.”

Dúirt Céad-Aire an Tuaiscirt Michelle O’Neill go raibh bród an domhain ar dhaoine mar gheall ar ghaisce McIlroy agus gurb iontach an t-ambasadóir é.

“An teachtaireacht shoiléir atá aige don uile dhuine óg amuigh ansin ná má tá aisling agat is féidir leat í a fhíorú.

“Féach ar aistear Rory le blianta fada agus na buillí móra a buaileadh air agus féach gur tháinig sé ar ais arís agus arís eile.

“Mar sin, is cinnte gur chóir dúinn cóisir mhór a bheith againn.”

Chinntigh McIlroy go mairfidh a cháil go deo in annála an spóirt nuair a fuair sé an ceann is fearr ar Justin Rose ar pholl réitigh chun an Masters a bhuachan.  Chuaigh sé síos ar a dhá ghlúin agus thosaigh sé ag gol nuair a rinne sé an beart ar deireadh.

“An rud a tharla dom ar an bplásóg dheireanach sa pholl réitigh ná gur scaoil mé leis na mothúcháin go léir a bhí faoi chois ionam le ar a laghad 11 bliain, nó b’fhéidir fiú 14 bliain,” a dúirt sé.

Ba é bua na hoíche aréir an chéad mhórchomórtas a bhuaigh McIlroy ó 2014 agus tá 14 bliain ann ó chaill sé an Masters in ainneoin é a bheith ceithre bhuille chun cinn ag tús na himeartha Dé Domhnaigh.

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta