Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Tacaíocht á lorg ag Diarmuid Lyng d’ionad nua Gaeilge i gCill Chainnigh

| , , ,

Tá feachtas tiomsaithe airgid tosaithe ag an iar-iománaí Diarmuid Lyng agus a bhean Siobhán de Paor le háitreabh a cheannach i gcontae Chill Chainnigh a bheadh ina ionad cultúir agus teanga agus ina áit chónaithe do chlann óg na lánúine.

Chaith an lánúin tamall ina gcónaí i nGaeltacht Chorca Dhuibhne ach d’fhág siad Iarthar Duibhneach tamall ó shin agus thug aghaidh ar oirthear na tíre arís. Is ar sheanfheirm i mBaile Héil i gCill Chainnigh atá siad ag cur fúthu anois agus an deis acu an teach, na botháin amuigh, agus an talamh a cheannach agus a fhorbairt mar ionad cultúir agus teanga.

“Seo an plean atá againn, táimid tar éis leaindeáil i ndeisceart Bhaile Héil, tá muid amuigh ar sheanfheirm a bhfuil teach feirme agus scioból ann, tá scioból níos mó ann freisin agus tá trí stábla ann.

“Dhéanfaí áit a bhféadfadh daoine fanacht ann de na háiteanna sin agus tá áit eile taobh thiar a d’oirfeadh do cheardlanna, gigeanna agus rudaí mar sin.

“Tá an áit ar bhruach abhainn bheag a théann isteach in Abhainn na Siúire, tá gach rud ann a theastaíonn uainn le hionad cultúrtha a bhunú ach a bheith in ann é a cheannach,” a dúirt Lyng le Tuairisc.

Dá n-éireodh leis an iarracht, a dúirt sé, roinnfí an t-áitreabh ina dhá chuid – ionad cultúrtha ar thaobh amháin agus áit chónaithe dó féin agus dá chúram ar an taobh eile.

“Gheobhaidh Wild Irish [comhlacht Lyng] leath amháin, agus beidh an tigh ann dúinne. Tá muid tar éis deireadh seachtaine a rith ann cheana féin, rinne mé suathaireacht fhiáin, agus bhí an áit lán daoine.

“Beidh leanaí i lár an ruda, beidh ceardaíocht, cúrsaí, rince, agus ceol ann. Ba mhaith linn an tseoid a fuaireamar in iarthar Chiarraí a roinnt leis na daoine atá anseo,” a dúirt sé le Tuairisc.

Is ar an suíomh tiomsaithe airgid FundRazr atá Lyng agus de Paor ag bailiú airgid don togra. Cé go ndúirt sé nár theastaigh uaidh “dul amach le[na] chaipín”, dúirt go raibh na mílte euro ag teastáil lena phlean chur i gcrích.

“Tá muid i mbun fundála. Tá ceithre nó cúig mhí againn leis an rud a cheannach. Is féidir liom féin leath an airgid a thabhairt, ach táimid ag iarraidh ar an bpobal, na daoine a rinne filíocht le Siobhán, muintir CLG, agus daoine as an nGaeltacht cúnamh a thabhairt dúinn.

“Ní rabhas ag iarraidh dul amach le mo chaipín, tá breis agus caoga nó seasca rud le díol ar an suíomh. Is cineál siopa ar líne atáimid a rith faoi láthair agus ag roinnt saibhreas ár bpobail. Tá leithéidí gig sa bhaile, lá clainne ar an talamh, deirí seachtaine ceardaíochta, físeáin, agus go leor eile. Tá mé ag iarraidh an saibhreas a roinnt,” a dúirt sé.

Dúirt Lyng gur ionad “dátheangach” a bheidh in ‘Teacht Aniar’, mar atá baiste aige ar an ionad, agus gur mhaith leo daoine nach bhfuil an Ghaeilge acu a mhealladh chun na teanga.

“An tslí ina ndéanann muid rudaí, bíonn muid ag obair i gcónaí le daoine a bhfuil an Ghaeilge. Ach is constaic í an Ghaeilge d’an-chuid daoine, tá muid ag iarraidh deis a thabhairt do dhaoine bualadh leis an teanga. Ansin tiocfaidh an mhuinín, ní hé an caighdeán an fhadhb sa chuid eile den tír ach tá tráma acu leis an taithí a bhí acu leis an teanga sa seomra ranga. Is áit shábháilte a bheidh anseo do dhaoine le bualadh leis an teanga,” a dúirt sé.

Dúirt sé gur roghnaigh sé ‘Teacht Aniar’ mar ainm ar an ionad mar gheall ar an turas atá déanta aige féin agus a chlann as Corca Dhuibhne.

“Sin an turas atá déanta againn, ó Chorca Dhuibhne go Baile Héil, áit mhór iománaíochta – ‘Teacht Aniar’. Is dóigh go bhfuil ‘teacht aniar’ ag teastáil ó na bailte beaga, bhíos ag labhairt le Rónán Ó Snodaigh le déanaí agus dúirt sé go ndúirt a athair leis gur iontach go bhfuil a leithéid de rud agus Foras na Gaeilge ann, agus an Ghaeltacht, ach go bhfuil sé tábhachtach an teanga a scaipeadh in áiteanna nua.

“Tá rud éigin nua ag teastáil. Tá na daoine ocrasach. Tá siad ag iarraidh bualadh leis an teanga i slí dhifriúil, agus tá todhchaí dhifriúil ag teastáil ón teanga féin,” a dúirt sé.

Tá súil ag Lyng agus de Paor go mbeidh an áit acu i gceann sé mhí agus go mbeidh sé ar oscailt mar ionad cultúir agus teanga faoi fhómhar na bliana seo chugainn.

“Tá an obair tosaithe anois cheana féin, cé nach bhfuil sé againn fós. Tá daoine bailithe le chéile le cabhair a thabhairt dúinn – Liam Ó Maonlaí, Cáit Ní Riain, Patrick O’Leary, Rónán Ó Snodaigh. Tá saghas malartú ar siúl faoi láthair agus tá súil agam go mbeidh sé ar oscailt ag deireadh mhí Lúnasa 2026.

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta