Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Soiléiriú éilithe ag an Taoiseach ar Kneecap maidir lena ndearcadh i leith Hamas agus Hezbollah

| , ,

Tá iarrtha ag an Taoiseach Micheál Martin ar an ngrúpa rap Kneecap soiléiriú a thabhairt láithreach faoi ráiteas maidir le Hamas agus Hezbollah a deirtear a rinne duine acu ag ceolchoirm in 2023.

Tá míreanna ó cheolchoirmeacha de chuid an bhanna, a bhíonn ag rapáil i nGaeilge, á scrúdú ag póilíní i Sasana.

Dealraíonn sé ó mhír amháin ó cheolchoirm a bhí ar siúl i mí na Samhna 2023 go ndúirt ball den ghrúpa: “An t-aon Tóraí maith ná Tóraí marbh. Maraigh do MP áitiúil.”

Is cosúil ón mír eile a bhain le ceolchoirm ó mhí na Samhna 2024 go raibh duine den bhanna ag béicigh “Up Hamas, up Hezbollah”.

Eagraíochtaí toirmiscthe iad Hamas agus Hezbollah sa Ríocht Aontaithe agus níl cead tacaíocht a léiriú dóibh.

Tá cáineadh déanta ar Kneecap ag Príomh-Aire na Breataine Keir Starmer agus ag ceannaire na dTóraithe Kemi Badenoch. Dúirt urlabhraí de chuid Starmer go raibh ráitis Kneecap “do-ghlactha amach is amach” agus dúirt Badenoch gur cheart an dlí a chur ar an ngrúpa.

Dúirt Kneecap – Liam Og Ó Hannaidh, Naoise Ó Caireallain agus JJ Ó Dochartaigh, ar cainteoirí líofa Gaeilge iad triúr – ar na meáin shóisialta go raibh feachtas eagraithe ar bun ar mhaithe le míchlú a chur orthu.

Dúirt siad gur labhair siad amach cheana ag a gceolchoirmeacha faoin gcoimhlint in Gaza agus faoin mbaint, dar leo, a bhí ag rialtais na hÉireann agus na Breataine le “coireanna cogaidh” ansin. Mhaígh siad go raibh iarrachtaí mailíseacha ar siúl míchlú a chur orthu.

“An dream atá ár n-ionsaí teastaíonn uathu go mbeadh ciúnas ann in áit cáineadh a bheith á dhéanamh ar ollmharú.

“Déanann siad uirlis chatha de líomhaintí bréige faoin bhfríth-Sheimíteachas chun daoine a chur ar seachrán, mearbhall a chur orthu agus an cinedhíothú

a chosaint.”

Dúirt an Taoiseach gur den phráinn é go ndéanfadh Kneecap an scéal a shoiléiriú.

“Ar thacaigh nó an dtacaíonn siad le Hamas agus Hezbollah? Mar ní fhéadfaí glacadh leis sin,” a dúirt Micheál Martin.

Dúirt Martin gurb é a thuiscint ar dhúnmharú an tSaighdiúra Singil Seán Rooney sa Liobáin in 2022 gur Hezbollah a mharaigh é.

Dúirt sé go raibh Hamas agus Hezbollah bainteach le gníomhartha sceimhlitheoireachta agus le daoine soineanta a mharú, mar a tharla ar an 7 Deireadh Fómhair 2023, nuair a maraíodh 1,218 duine in ionsaí Hamas ar Iosrael.

Dúirt an Taoiseach nach raibh sé soiléir dó cé acu an dtacaíonn Kneecap le Hezbollah agus Hamas nó nach dtacaíonn.

“Maítear go bhfuil ráitis déanta acu ag tacú leis an dá dhream. Ceapaim go gcaithfidh siad é sin a shoiléiriú go práinneach.”

Mhol sé chomh maith go ndéanfadh an grúpa ráiteas ag cáineadh go soiléir aon fhoréigean nó bagairt foréigin in aghaidh ionadaithe poiblí.

Dúirt an Taoiseach go mbíonn sé de cheart ag lucht ealaíne go ginearálta polasaithe a cháineadh agus nach raibh aon fhadhb aige leis sin.

“Is dóigh liom go bhfuil sé tábhachtach go mbíonn saoirse cainte ann agus deis ag daoine labhairt amach agus cáineadh a dhéanamh ar pholasaithe daoine eile. Is cuí agus cóir sin. Ach maidir le beatha daoine agus slándáil agus sábháilteacht daoine, sin scéal eile.”

Cuireadh ceist ar an Taoiseach chomh maith faoin gcáineadh a rinneadh ar Kneecap mar gheall ar thacaíocht a léiriú  do mhuintir na Palaistíne ag an gceolchoirm Coachella in California le déanaí.

Bhí an impresario siamsaíochta cáiliúil Sharon Osbourne ar dhuine de na daoine a dúirt gur chóir víosaí oibre Meiriceánach an ghrúpa rap Gaelach a chúlghairm mar gheall ar a sheasamh in aghaidh Iosrael.

Le linn na ceolchoirme ag Coachella teilgeadh íomhá ar stáitse a dúirt ‘Tá cinedhíothú á dhéanamh ag Iosrael in aghaidh mhuintir na Palaistíne’.

Dúradh sna híomhánna go raibh rialtas Stáit Aontaithe Mheiriceá ag tacú leis an gcinedhíothú trí airm agus maoiniú a chur ar fáil d’Iosrael “in ainneoin a gcoireanna cogaidh”.

“F*** Israel; free Palestine,’ a dúradh ar íomhá eile.

Le linn na ceolchoirme, thug Mo Chara ó Kneecap píosa cainte uaidh a spreag an slua le ‘Free, free Palestine’ a chanadh in éineacht leis an ngrúpa.

“Níl áit ar bith le dul ag na Palaistínigh. Is é an f***ing baile acu é agus tá buamaí á scaoileadh leo ón spéir.

“Mura dtabharfá cinedhíothú air sin, céard sa fu*k a thabharfá air?”

“Ní rófhada ó shin bhíodh muintir na hÉireann á gcéasadh ag na Brits ach níor buamáladh riamh sinn ón f***ing spéir agus gan aon áit le dul againn.”

I ndiaidh na conspóide sin, dúirt bainisteoir Kneecap, Daniel Lambert, go raibh “crógacht agus diongbháilteacht” an bhanna le moladh agus gur ag seasamh leis an gceart a bhí siad.

“Má ghoilleann an fhírinne ar dhaoine, sin rud a ghoilleann orthu, ach tá sé an-tábhachtach an fhírinne a insint. Ar ámharaí an tsaoil, níl eagla ar na leaideanna sin a dhéanamh.”

Dúirt Lambert ar Drivetime ar RTÉ gur deineadh bagairtí ar bhaill an bhanna i ndiaidh na conspóide faoi Coachella.

Dúirt sé gurbh fhearr leis gan labhairt níos mó faoi na bagairtí báis bhí siad chomh “tromchúiseach sin”.

Dúirt sé go raibh níos mó suime aige i dtuairimí daoine eile seachas Sharon Osbourne.

“Cén fáth nach bhfuilimid ag labhairt faoi thuairim Omar Bartov, saineolaí Iosraelach-Meiriceánach ar an gcinedhíothú, a deir gur cinedhíothú atá ar siúl ag Iosrael?

“Cén fáth gur cuma linn cad a cheapann Sharon Osbourne? Is cinnte gur cuma liomsa,” arsa Declan Lambert.

Ón 7 Deireadh Fómhair 2023, maraíodh in ionsaithe Iosrael ar Gaza os cionn 51,000 Palaistíneach. 1,928 Iosraelach a maraíodh.

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta