Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Níor bronnadh dámhachtain €400,000 d’ealaíontóirí Gaeilge

| , ,

Reáchtáil an Chomhairle Ealaíon comórtas le haghaidh na Dámhachtana um Léiriú agus Chamchuairt Amharclannaíochta na Gaeilge an samhradh seo caite, ach níor bronnadh aon phingin

Níor bronnadh dámhachtain €400,000 d’ealaíontóirí Gaeilge

Níor bronnadh dámhachtain ealaíon €400,000 a fógraíodh d’ealaíontóirí agus compántais Ghaeilge anuraidh.

Reáchtáil an Chomhairle Ealaíon comórtas le haghaidh na Dámhachtana um Léiriú agus Chamchuairt Amharclannaíochta na Gaeilge an samhradh seo caite.

Dheimhnigh urlabhraí de chuid na Comhairle Ealaíon do Tuairisc gur reáchtáladh an comórtas ach nár bronnadh an dámhachtain ar dhuine ná ar dhream ar bith. Dúradh go raibh sé i gceist ag an gComhairle Ealaíon comórtas eile a reáchtáil i mbliana.

“Reáchtáil an Chomhairle Ealaíon an Dámhachtain um Léiriú agus Chamchuairt Amharclannaíochta na Gaeilge in 2024, ach níor bronnadh an dámhachtain. Reáchtálfar an dámhachtain arís i mbliana agus tá súil againn níos mó eolais a thabhairt fúithi sna seachtainí atá romhainn,” a dúradh i ráiteas a tugadh do Tuairisc.

Tuigtear do Tuairisc gur cuireadh isteach ar an dámhachtain in 2024 ach nár bronnadh í.

Ba é an sprioc a bhí leis an dámhachtain ná tacú le “forbairt, léiriú, agus tíolacadh” mhír mhór amharclannaíochta i nGaeilge “lena chinntiú go mbainfidh níos mó daoine taitneamh as eispéiris ardchaighdeáin amharclannaíochta i nGaeilge ar fud na tíre”.

Bhí an dámhachtain ar fáil d’ealaíontóirí aonair agus do chomplachtaí a raibh “dea-theist” orthu in earnáil na hamharclannaíochta in Éirinn. Tháinig cuid den mhaoiniú ó Chomhairle Ealaíon Thuaisceart Éireann agus bhí an comórtas oscailte d’iarratais ón dá thaobh den teorainn.

Tugadh le fios sna treoirlínte don dámhachtain go leagfaí béim ar léirithe a bhí bunaithe ar “théacsanna dráma a bhí ann cheana” ach go bhféadfaí cás a dhéanamh ar son drámaí nuascríofa i nGaeilge freisin. Dúradh freisin go mbeadh buntáiste ag iarratais a mbeadh fotheidil nó ateangaireacht mar chuid díobh “lena chinntiú go n-aimseofaí an lucht féachana is fairsinge agus is féidir”.

Dá mbronnfaí an dámhachtain bheadh an léiriú tar éis a bheith ar siúl faoi dhó i gceithre mhórionad in Éirinn agus ceann amháin acu sin ar a laghad sa Tuaisceart. De réir rialacha na dámhachtana bheadh, ar a laghad, 90% den dráma i nGaeilge.

Osclófar an comórtas i mbliana ar an 1 Iúil 2025 agus beidh deis ag ealaíontóirí agus complachtaí cur isteach ar an €400,000 go dtí 31 Iúíl.

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta