

























Tháinig scoláirí agus múinteoirí de chuid Bhoird Oideachais agus Oiliúna Éireann le chéile den chéad uair le déanaí i mBaile Átha Luain chun ceiliúradh a dhéanamh ar an oideachas ionchuimsitheach trí Ghaeilge. Thug na scoláirí ar fad a gcur i láthair féin ag léiriú cur chuige a scoileanna maidir le cleachtais chuimsitheacha. Pictiúir: Seán Ó Mainnín

























