Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Ceol agus filíocht ag Úirchill an Chreagáin

|

Cuireadh imeacht speisialta ar siúl ar na mallaibh ag an reilig aitheanta ar an Chreagán i nDeisceart Ard Mhacha. Is í an staraí áitiúil, Úna Walsh, agus an ceoltóir Aodh Mac Murchaidh, a bhí i mbun na hócáide a reáchtáladh mar chuid d’Scoil Earraigh Chumann AE George Russell. 

Bíonn turas treoraithe ar siúl achan mhí ag Úna thart ar Úirchill an Chreagáin ach an uair seo beartaíodh ar thuras liteartha ar leith a dhéanamh mar chuid den fhéile agus é dírithe ar fhilí amhail Art Mac Cumhaigh, WB Yeats, Patrick Kavanagh, Lady Gregory, agus ar ndóigh, AE Russell. Rinneadh machnamh ar an tábhacht le hoidhreacht litríochta Oiriall agus ar an nasc a chruthaíonn sé sin do dhaoine maidir lena stair agus lena spioradáltacht féin. 

D’fhreastail scaifte mór ar an imeacht faoin ghrian, tráth ar sheinn Aodh ceol binn ar an fhidil agus ar roinn Úna a cuid saineolais ar stair na háite. Léadh saothair de chuid na bhfilí chomh maith. Labhair muid le hÚna, Aodh, agus le Róisín de Faoite a d’fhoghlaim cuid mhór ar an lá.

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta