Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Ní bheidh Aifreann ar Mhám Éan Lá Fhéile Pádraig i mbliana

| , , ,

Bíonn na sluaite as Conamara, Cois Fharraige, agus Dúiche Sheoigheach agus áiteanna eile ar fud na Gaillimhe agus Mhaigh Eo ag tarraingt ar an mám cáiliúil i Sléibhte Mhám Toirc gach Lá Fhéile Pádraig

Ní bheidh Aifreann ar Mhám Éan Lá Fhéile Pádraig i mbliana

Ní bheidh an tAifreann á rá ar Mhám Éan, i nGaeltacht Chonamara, Lá Fhéile Pádraig i mbliana mar gheall ar “chúinsí sláinte agus sábháilteachta”. Fógraíodh tráthnóna inné gur i séipéal Bhéal Átha na mBreac, siar ó thuaidh ó bhaile beag an Mháma, a bheidh an tAifreann á char an 17 Márta i mbliana.

Bíonn na sluaite as Conamara, Cois Fharraige, agus Dúiche Sheoigheach agus áiteanna eile ar fud na Gaillimhe agus Mhaigh Eo ag tarraingt ar an mám cáiliúil i Sléibhte Mhám Toirc gach Lá Fhéile Pádraig leis an oilithreacht go Leaba Pádraig agus Tobar Pádraig a dhéanamh.

Ba é an sagart Gaelach Mícheál Mac Gréil, as Maigh Eo, a rinne athbheochan ar an oilithreacht ársa sléibhe seo. Bailíonn na sluaite ag an séipéal beag atá i lár an mháma leis an Aifreann a chloisteáil agus déantar Turas na Croise Lá Fhéile Pádraig, Aoine agus Chéasta, agus an chéad Domhnach i mí Lúnasa.

Meastar go gceiliúrtaí an fhéile Cheilteach Lúnasa ag an mám na céadta blianta ó shin agus maítear gur tháinig Pádraig naofa chomh fada le Mám Éan agus gur bheannaigh sé Conamara ón áit sular thug sé a aghaidh ó thuaidh arís ar Mhaigh Eo.

Chuir an tAthair Mac Gréil, a bhásaigh i mí Eanáir 2023 agus é 91 bliain d’aois, tús arís leis an oilithreacht a bhí ligthe i léig sna 1980idí. Ba é a d’eagraigh go dtógfaí an séipéilín, na galláin ar Thuras na Croise, agus an dealbh mhór de ‘Phádraig Mór na hÉireann’ a rinne an dealbhadóir Clíodhna Cussen, san áit.

Fógraíodh Dé Céadaoin nach mbeadh an tAifreann á rá ansin mar a bhíodh Lá Fhéile Pádraig i mbliana ach gur sa séipéal idir an Mám agus an Líonán a bheifí á rá.

Bhásaigh duine de na hoilithrigh a bhí ag tabhairt faoin tsiúlóid ón gcarrchlós go dtí an séipéilín Lá Fhéile Pádraig 2023.

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta