Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

GNÉ-ALT FÓGRAÍOCHTA: Ag Ceiliúradh Sheachtain na Gaeilge agus Lá Fhéile Pádraig 2025

| , ,

Tá an tEarrach linn, nach mór, agus tá Oifig na Gaeilge ar bís le sraith imeachtaí a fhógairt do Sheachtain na Gaeilge agus Lá Fhéile Pádraig, a bheidh dírithe ar an nGaeilge a chur chun cinn agus oidhreacht shaibhir chultúir na tíre a cheiliúradh.  Mar chuid de Sheachtain na Gaeilge, a bheidh ar siúl ón […]

GNÉ-ALT FÓGRAÍOCHTA: Ag Ceiliúradh Sheachtain na Gaeilge agus Lá Fhéile Pádraig 2025

Tá an tEarrach linn, nach mór, agus tá Oifig na Gaeilge ar bís le sraith imeachtaí a fhógairt do Sheachtain na Gaeilge agus Lá Fhéile Pádraig, a bheidh dírithe ar an nGaeilge a chur chun cinn agus oidhreacht shaibhir chultúir na tíre a cheiliúradh. 

Mar chuid de Sheachtain na Gaeilge, a bheidh ar siúl ón 1-17 Márta, beidh gníomhaíochtaí éagsúla ann arb é is aidhm dóibh an fhoireann agus an pobal araon a mhealladh i dtreo na Gaeilge. I measc na mbuaicphointí, beidh:

  • Ceardlanna Gaeilge: Seisiúin idirghníomhacha a bheidh oiriúnach do dhaoine ar gach leibhéal scile, ag díriú ar chomhrá na Gaeilge agus ar úsáid phraiticiúil na Gaeilge sa saol laethúil.
  • Imeachtaí Cultúir: Léirithe ceoil agus damhsa traidisiúnta, agus seisiúin ghrinn i nGaeilge chun rannpháirtithe a thumadh i gcultúr na hÉireann.
  • Tionscnaimh Phobail: Comhoibriú le grúpaí pobail áitiúla chun an Ghaeilge a chur chun cinn ag rith spraoi maidine agus ag Pop-Up Gaeltacht le Ceol.

An 17 Márta, déanfaimid Lá Fhéile Pádraig a cheiliúradh le dhá pharáid áitiúla i nDún Laoghaire agus sa Chéim, a bheidh mar léiriú ar an tiomantas atá againn don Ghaeilge agus don chultúr Gaelach. Iarraimid ar gach duine a bheith linn chun Seachtain na Gaeilge agus Lá Fhéile Pádraig a cheiliúradh, agus an Ghaeilge a chur chun cinn ina saol laethúil.

Tá liosta imeachtaí SnaG ar fáil anseo.

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta