Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

GAILEARAÍ: Fáilte mhór roimh sheaimpíní na hÉireann – daltaí Scoil Mhic Dara ar bís agus foireann bhuacach peile na Ceathrún Rua ar cuairt

Bhí lúcháir mhór ar dhaltaí Scoil Mhic Dara Dé hAoine seo caite nuair a thug a laochra, seaimpíní na hÉireann, foireann shóisir peile na Ceathrún Rua, cuairt orthu. Bhronn Tuairisc póstaer cuimhneacháin ar gach páiste. Pictiúir: Seán Ó Mainnín/Tuairisc

Captaen fhoireann na Ceathrún Rua, Stiofán Ó Briain, ag síniú póstaer Tuairisc do na daltaí i Scoil Mhic Dara
Céad fáilte: An fhoireann le Mary Uí Dhomhnaill, iarmhúinteoir i Scoil Mhic Dara, Mairéad Mhic Dhonnacha, iarphríomhoide na scoile, Katherine Ní Cheallaigh, príomhoide na scoile agus Cóilín Ó Domhnaill, iar-phríomhoide. D’fhreastail cuid mhaith den fhoireann peile ar an scoil iad féin
Stiofán Ó Briain le póstaer a bhronn Oran Molloy, rang a 1, air le linn a chuairte ar an scoil
An slua buachaillí agus cailíní a bhí ag fanacht ar theacht na foirne
An t-imreoir Maitiú Ó Domhnaill i measc na ndaltaí
An scoil ar fad agus an fhoireann le chéile le haghaidh pictiúir
Ruaille buaille ceart agus na daltaí sa tóir ar shíniú na n-imreoirí a fháil ar a gcuid póstaer
Shane Ó Súilleabháin, a bhí ina roghnóir ar an bhfoireann a bhuaigh cluiche ceannais na hÉireann, lena mhac agus a iníon, Shay agus Ava
Bualadh bos mór don fhoireann

Seán Ó hIarnáin
Cian Ó Flatharta, Aodhán Ó hIarnáin, Rang a 4, sásta agus a gcuid póstaer sínithe
Aodhán Ó hIarnáin, Seán Ó hIarnáin agus Caoimhe Ní Iarnáin
Daltaí ó Rang a Sé, Victor Ó Súilleabháin, Liam Ó Cualáin, Micheál Ó Dubháin, Fionn Ó Fátharta agus Mark Ó Neachtain
Katherine Ní Cheallaigh, príomhoide Scoil Mhic Dara, agus Mairéad Uí Iarnáin
An tAthair Hugh Loftus, sagart pobail an cheantair
Rian Ó Conaire, Síomha Nic Dhonnacha, Liadán Ní Chadhla, ó Rang a Dó
Rang a Sé, Aoileann Ní Fhlatharta, Lily Alanna Ní Fhlatharta, Áine Ní Thuathail, Emma Ní Ghríofa, Lily Ní Fhlatharta, Lily Ní hOibicín
Jack Ó Flatharta agus Seosamh Mac Fhlannacha, Rang a 6
Rang a hAon, Senan Ó Conaire, Eoin Mac an Rí, Fionnán Ó Flatharta, Noah Ó Conghaile, Liam Ó Conghaile, Jeaic Chippindale, Ruadhán Mac Donnacha, Oran Molloy, agus Greg de Búrca
Na peileadóirí le foireann Scoil Mhic Dara

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta