Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Ciarán Mac Giolla Bhéin – Uachtarán nua Chonradh na Gaeilge

|

Bhí Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge ar siúil i Loch Garman ar na mallaibh agus is ann a toghadh Ciarán Mac Giolla Bhéin, gníomhaí teanga as Iarthar Bhéal Feirste, ina Uachtarán nua ar an eagras teanga. Ba é Gearóid Ó Cairealláin, nach maireann, an tUachtarán deiridh as Béal Feirste – bhí seisean sa ról ó 1995 go 1998.

Labhair Meon Eile le Ciarán faoina chúram úr agus faoi aistear s’aige leis an Ghaeilge. Tháinig sé fríd an Ghaeloideachas agus tá sé ag obair go deonach agus go lánaimseartha in earnáil na Gaeilge le blianta anuas. Faoi láthair, tá sé ag obair le Fís an Phobail – líonra pleanála teanga d’Iarthar Bhéal Feirste.

D’inis sé dúinn fosta faoin spreagadh a fuair sé ó Ghearóid Ó Cairealláin agus a chomhaoisigh agus dúirt go bhfuil sé mar aidhm aige tógáil ar an obair mhór a rinneadh roimhe seo ar fud na tíre.

Tá Ciarán tiomanta Béal Feirste a chur ar an léarscáil mar chathair atá fite fuaite leis an Ghaeilge, go háirithe le himeachta cosúil le hOireachtas na Samhna, Fleadh Ceoil na hÉireann agus eile ag teacht go Béal Feirste go luath.

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta