Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Ceilliúradh mór ceoil ag Gradaim NÓS 2025

| ,

Mheall Gradaim NÓS 2025 Gaeil ó chian is ó chóngar chuig an Oh Yeah Music Centre, Béal Feirste, ar na mallaibh.

Gradaim ceoil is ea iad a bhíonn á reáchtáil go bliantúil ag foireann na hirise NÓS le ceol nua na nGael a cheiliúradh. Bhí scoth na gceoltóirí le cluinstin le linn na hoíche, ar nós The Shan Vans, Clare Sands agus Seosamh Mac.

I measc na mbuaiteoirí bhí Róis, a bhain gradam ‘Amhrán na Bliana’ lena hamhrán Caoine, Macdara Ó Faoláin, ar bronnadh Gradam Rónáin Mhic Aodha Bhuí (gradam do Nuatheachtaí na Bliana) air, agus Kneecap, a bhain ceithre ghradam ar an iomlán.

Labhair Meon Eile le Tomaí Ó Conghaile, bunaitheoir NÓS, faoi na gradaim agus le Máire Ní Churraoin atá ina ball den bhanna An Chéad Ghlúin Eile in éineacht lena deirfiúr Étáin. Bronnadh ‘Albam na Bliana (Amhráin Thraidisiúnta)’ ar An Chéad Ghlúin Eile as a n-albam C’áil an Bheirt? a chuir siad amach i mí Iúil 2024.

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta