Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Athrú beag ag teacht ar nuachtlitreacha WhatsApp

|

Tá líon na bhfaighteoirí dár nuachtlitir ar WhatsApp ag dul i méid i gcónaí, scéal maith gan dabht.

Chun freastal níos fearr ar an líon mór iontach seo, beidh orainn úsáid a bhaint as áis roinnt nua ar WhatsApp, ar a dtugtar ‘Communities’, nó ‘Pobail’, chun an nuachtlitir a chur amach chugaibh gach maidin.

An t-aon athrú a bheidh le feiceáil sna comhráite ar WhatsApp ná go mbeidh an nuachtlitir á sheoladh ó ‘PEIG – Nuachtlitir’ anois agus go mbeidh ‘Fógra’ (nó ‘Announcements’ sa leagan Béarla de WhatsApp) le feiceáil roimh an ábharlíne. Is féidir brú ar an teachtaireacht chun an nuachtlitir a léamh, mar is gnáth.

Cúpla rud suntasach faoi ‘Communities’ ar WhatsApp:

  • Ní féidir le héinne ach muidne ar fhoireann PEIG teachtaireachtaí a chur amach d’fhaighteoirí na nuachtlitreacha
  • Ní fheicfidh aon fhaighteoirí eile d’uimhir fóin, ach amháin na faighteoirí ag a bhfuil tú mar theagmhálaí acu cheana féin ar a bhfóin
  • Ní ach grúpa amháin ar ár bpobal ‘PEIG – Nuachtlitir’, mar sin, ní bheidh tú ag fáil teachtaireachtaí fánacha ó ghrúpaí eile sa phobal
  • Is féidir teacht ar níos mó eolais faoi ‘Communities’ ar WhatsApp anseo (i mBéarla).

Mura mbeifeá ag iarraidh na nuachtlitreacha a fháil níos mó ag am éigin, bheifeá in ann é sin a dhéanamh thú féin ar WhatsApp – féach ar na treoracha anseo

Fáilte roimh aon aiseolais ag peig@cnag.ie a chairde, agus go raibh míle maith agaibh as bhur dtacaíocht i gcónaí.

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta