Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

‘An Ghluaiseacht’ le Rónán Mac Con Iomaire seolta i mBéal Feirste

|

Tarraingíodh scaifte go Cultúrlann Mac Adam Ó Fiaich, Béal Feirste, Dé Céadaoin seo caite agus leabhar nua le Rónán Mac Con Iomaire, An Ghluaiseacht: Scéal Chearta Sibhialta na Gaeltachta, á sheoladh. D’eagraigh Fís an Phobail an t-imeacht mar chuid de sceideal Seachtain na Gaeilge.

Bhí Rónán Mac Con Iomaire é féin i láthair le labhairt faoina leabhar. Tugann An Ghluaiseacht léargas ar Ghluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta ar cuireadh tús leis i gConamara in 1969. Tháinig an-chuid athruithe de thairbhe an fheachtais sin — mar shampla, bunaíodh Raidió na Gaeltachta agus Údarás na Gaeltachta, agus cuireadh comharthaí Gaeilge aonteangacha in airde ar bhóithre na nGaeltachtaí.

Bhí deis ag Meon Eile an leabhar agus an feachtas sin a phlé le Rónán, le Róisín Ní Chinnéide — Bainisteoir Abhcóideachta le Conradh na Gaeilge agus bean an tí ar an lá — agus le Ciarán Mac Giolla Bhéin ó Fís an Phobail.

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta