Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Ainm an fhir óig a maraíodh i dtionóisc bhóthair i gConamara ainmnithe

| , , ,

Bhí Evan Ó Márta as Indreabhán ina bhainisteoir sa bheár in Óstán Chois Fharraige sna Forbacha

Ainm an fhir óig a maraíodh i dtionóisc bhóthair i gConamara ainmnithe

Ba é Evan Kilmartin as Cor na Rón in Indreabhán, a bhí 22 bliain d’aois, an fear óg Gaeltachta a maraíodh i dtionóisc bhóthair ar Bhóthar Chois Fharraige go deireanach oíche Dé Domhnaigh.

Bhí Evan Ó Márta ina bhainisteoir sa bheár in Óstán Chois Fharraige sna Forbacha agus dhéanadh sé obair mar DJ in ionaid cheoil timpeall an chontae agus ag ócáidí dála bainiseacha agus cóisirí breithlae. Bhíodh sé ag obair ag dioscónna i gcoláistí samhraidh Gaeltachta freisin.

Bhuail trí charr faoina chéile ar Bhóthar Chois Fharraige (R336) idir Bearna agus na Forbacha ag thart ar 23:20 oíche Dé Domhnaigh. Bhásaigh Evan ar an láthair ach níor gortaíodh aon duine eile. Bhí an bóthar dúnta ar feadh uaireanta an chloig Dé Luain. Tá iarrtha ag an nGarda Síochána ar dhuine ar bith a chonaic an tionóisc, go mór mór daoine a bhfuil ábhar físe acu, dul i dteagmháil le stáisiún Bhóthar na Trá.

Thug urlabhraí ó Cancer Care West an fear óg chun cuimhne ar na meáin shóisialta agus dúirt gur mhór an pléisiúr a bheith ag obair leis agus é ag bailiú airgid ar son na carthanachta in 2023. Bearradh gruaig a chinn sa teach tábhairne Cois Cuain ar an Spidéal agus bailíodh os cionn €5,400.

“Táimid ag smaoineamh ar mhuintir agus ar chairde Evan ag an am uafásach seo agus iad inár bpaidreacha. Thacaigh Evan lenár seirbhísí ailse trína ghruaig a bhearradh agus bhailigh sé suim mhór airgid. Ba mhór an pléisiúr a bheith ag obair leis. Ba dhuine é a raibh croí óir aige, fear den scoth. Suaimhneas síoraí go raibh aige,” a dúradh sa ráiteas.

Maireann a athair Séamus, a mháthair Angela, deartháireacha agus deirfiúr leis.

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta