Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

£17.6 milliún ceadaithe leis an gceathrú bunscoil lán-Ghàidhlig i nGlaschú a thógáil

| , ,

Murab ionann agus scéal an oideachais Ghaelaigh in Éirinn, tá fás leanúnach ag teacht ar an ngaelscolaíocht in Albain le blianta beaga anuas 

£17.6 milliún ceadaithe leis an gceathrú bunscoil lán-Ghàidhlig i nGlaschú a thógáil

Tá £17.6 milliún (€21,041,000) ceadaithe ag Comhairle Cathrach Ghlaschú leis an gceathrú bunscoil lán-Ghàidhlig sa chathair a thógáil. Thacaigh comhairleoirí na cathrach leis an rún ag cruinniú an tseachtain seo caite.

Dheimhnigh an chomhairle cathrach ceithre bliana ó shin go dtógfaí an scoil nua agus gur in oirthear na cathrach i gceantar an Challtainn a thógfaí í, agus tugadh cead pleanála don togra anuraidh.

Cosnóidh an scoil nua £23,800,000 (€28,500,000) ar an iomlán agus tógfar ar láthair scoil a dúnadh sé bliana déag ó shin í. Bhíothas ag meas go gcosnódh an scoil £16,500,000 (€19,700,000) ar dtús ach tá méadú tagtha ar na costais ó tosaíodh ag caint ar an scoil an chéad lá. Tiocfaidh leath an mhaoinithe ó Riaghaltas na h-Alba.

Is iad City Building Contracts LLP, gníomhaireacht tógála de chuid na comhairle féin, a fuair an conradh tógála. Deir na comhairleoirí cathrach go bhfuil lánmhuinín acu nach sárófar an buiséad agus an scoil á tógáil. Táthar ag súil go mbeidh na chéad daltaí ag freastal ar an scoil i bhfómhar na bliana seo chugainn.

Tá trí scoil lán-Ghàidhlig i nGlaschú cheana féin: Scoil Ghàidhlig Ghlaschú, Bun-sgcoil Ghàidhlig Bhaile a’ Ghobhainn, agus Bunscgoil Ghàidhlig Ghleann Dail.

Murab ionann agus scéal an oideachais Ghaelaigh in Éirinn, tá fás leanúnach ag teacht ar an ngaelscolaíocht in Albain le blianta beaga anuas. Bhí 3,415 dalta bunscoile i scoil lán-Ghàidhlig in 2018 agus 3,896 dalta ann in 2023. Bhí fás i gceist le líon na ndaltaí meánscoile sa tréimhse céanna – bhí 928 dalta meánscoile ann in 2018 agus 1,565 in 2023.

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta