Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Tionól Géarchéime: Ciorruithe Fhoras na Gaeilge

|

Tá ciorruithe dar luach breis is €800,000 fógartha ag Foras na Gaeilge ar bhuiséad an eagrais do 2025. Is mór an tionchar a bheidh ag an laghdú seo ar ghrúpaí pobail, ar na ceanneagraíochtaí, ar na meáin agus ar réimsí eile i saol na Gaeilge, thuaidh agus theas. Bhailigh ionadaithe ó go leor eagraíochtaí Gaeilge as gach cearn den tír i bhfoirgneamh Unite the Union i mBaile Átha Cliath an tseachtain seo caite chun aird a dhíriú ar an cheist agus chun teacht ar chur chuige feachtasaíochta.

D’fhreastail Meon Eile ar an tionól tábhachtach fiúntach agus labhair muid le hArd-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, Julian de Spáinn, le Oifigeach Forbartha Gaeilge ag Conradh na Gaeilge Boirche Íochtar, Ruairí Ó Donnáin, agus le Príomhoifigeach Feidhmiúcháin Ionad Uíbh Eachach, Sinéad Mc Connell. Bhí deis againn labhairt le Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Seán Ó Coinn, chomh maith agus thug sé léargas soiléir dúinn ar an tsáinn.

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta