Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Maoiniú fógartha ag Aire na Gaeltachta do ghrúpaí pobail agus cumainn spóirt i nDún na nGall agus i gCiarraí

| , , ,

Tá an t-airgead mar chuid d’infheistíocht breis is €14 milliún atá fógartha ag an Roinn Forbartha Tuaithe, Pobail agus Gaeltachta

Maoiniú fógartha ag Aire na Gaeltachta do ghrúpaí pobail agus cumainn spóirt i nDún na nGall agus i gCiarraí

Tá nach mór leathmhilliún euro bronnta ag an Aire Dara Calleary ar ghrúpaí pobail, cumainn spórt agus comhairlí áitiúla chun infheistíocht a dhéanamh ar thionscadail phobail sa nGaeltacht.

Is cuid é an t-airgead seo d’infheistíocht breis is €14 milliún atá fógartha ag an Roinn Forbartha Tuaithe, Pobail agus Gaeltachta. Bronnadh maoiniú ar 163 tionscadal ar fad ar fud na tíre tríd an gCiste Aitheantais Pobail.

I nDún na nGall agus i gCiarraí atá na tionscadail Ghaeltachta a bhainfidh leas as an maoiniú.

Tá €50,000 bronnta ar Amharclann Ghaoth Dobhair sna Doirí Beaga chun córas soilse na hamharclainne a uasghrádú. Tá €50,0000 eile bronnta ar CLG Ghaoth Dobhair chun fuinneoga nua a chur ar an gclubtheach i Machaire Gathlán.

Bainfidh CLG Naomh Columba leas as maoiniú €50,000 chun uasghrádú a dhéanamh ar ionad aclaíochta pobail agus tá €50,000 bronnta ar an ngrúpa An Machaire Le Chéile chun athchóiriú a dhéanamh ar pháirc spraoi. Tá €50,000 faighte ag Scioból an Phobail in Anagaire chun trealamh teicneolaíochta faisnéise a cheannach agus €50,0000 eile faighte ag Féile Mháire an Chlocháin Léith chun trealamh nua a cheannach.

Tá €53,0000 á bhronnadh ar Chomhairle Contae Dhún na nGall chomh maith chun obair a dhéanamh ar thrá sna Dúnaibh i dtuaisceart an chontae.

Ó dheas, tá os cionn €75,000 faighte ag Comhchoiste Ghaeltacht Uíbh Ráthaigh chun obair dheisiúcháin a dhéanamh ar fhoirgneamh na heagraíochta agus €50,000 bronnta chomh maith ar An Díseart sa Daingean chun athchóiriú a dhéanamh ar shaisfhuinneoga.

I measc na dtograí a fuair maoiniú níos suntasaí, cuireadh €400,000 ar fáil chun oibreacha athchóirithe a dhéanamh ar Mhol Fiontair Shóisialta de chuid an Inner City Enterprise ar Shráid Chúil Raithin i mBaile Átha Cliath. I gcathair na Gaillimhe, cuireadh €240,000 ar fáil chun uasghrádú agus oibreacha feabhsúcháin a dhéanamh ar Pháirc an Athar de Búrca ar Bhóthar an Athar Uí Ghríofa. Cuireadh breis is €175,000 ar fáil chun seanstáisiún na nGardaí i nDroim Dhá Thiar i Liatroim a chóiriú le bheith ina mhol pobail agus seid na bhfear.

“Tríd an infheistíocht leanúnach seo faoin gCiste Aitheantais Pobail, chun tacú le bailte agus sráidbhailte a bhfuil fáilte curtha acu roimh dhaoine nua, bainfidh na pobail seo leas as an uasghrádú a dhéanfar ar a n-áiseanna spóirt, a n-ionaid phobail, a gconairí áineasa, a bpáirceanna pobail agus a spásanna súgartha,” a dúirt an tAire Calleary agus an maoiniú á fhógairt aige inniu.

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta