Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Líonra Leitir Ceanainn i measc na ngrúpaí atá thíos le ciorruithe

| ,

Tá an-chuid imní ar eagraíochtaí Gaeilge fud fad na tíre mar gheall ar an €800,000 de chiorruithe a d’fhógair Foras na Gaeilge ar na mallaibh; thuairiscigh muid inné faoin tionól a reáchtáladh i mBaile Átha Cliath an tseachtain seo caite leis an ábhar a phlé.

Agus an brú breise seo ar acmhainní grúpaí Gaeilge, is iomaí tionscadal a ghearrfar siar nó a chuirfear ar ceal in 2025. Le léargas a fháil air seo, thug Meon Eile cuairt ar Líonra Leitir Ceanainn, Co. Dhún na nGall, a mbeidh orthu a Scéim Tacaíochta Gnó agus a bhféiltí a chur ar ceal. Anuas air sin, tá éiginnteacht faoina dtionscadail eile, ar nós na gcampaí samhraidh agus an chlub óige.

Labhair muid le Bairbre Uí Chathail, Comhordaitheoir Pleanála Teanga le Líonra Leitir Ceanainn, agus le hAisling Nic Aoidh, an tOifigeach Forbartha, faoi na constaicí atá rompu.

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta