Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

‘Gabh’ – EP nua seolta ag Seosamh Mac

| ,

Bhí Barr an Tí in Áras Mhic Reachtain ar Bhóthar Aontroma, Béal Feirste, dubh le daoine ar na mallaibh agus EP darb ainm ‘Gabh’ á sheoladh ag an cheoltóir cumasach Seosamh Mac.

Is ceoltóir traidisiúnta é Seosamh a bhíonn ag seinm sna seisiúin thart ar an chathair agus atá ina bhall den bhanna Lonesome George chomh maith.

Tá Seosamh ag scríobh amhráin i nGaeilge le cúpla bliain anuas agus bíonn sé ag meascadh seánraí éagsúla ceoil, ar nós na ngormacha agus popcheol, leis an cheol traidisiúnta.

Ar ‘Gabh’ tá aistriúcháin ar amhráin de chuid Lonesome George agus traiceanna úra a phléann leis an ghrá, le tacaíocht do theifigh agus le miotaiseolaíocht na hÉireann.

Thig leat tuilleadh a fháil amach faoi Sheosamh Mac anseo.

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta