Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

‘Veganuary’ – leideanna ó MarthaTheVegan

| ,

Is eagraíocht neamhbhrabúis é ‘Veganuary’ a bunaíodh in 2014. Gach bliain, spreagann siad na mílte duine ó fud fad na cruinne le triail a bhaint as an veigeánachas i mí Eanair agus don chuid eile den bhliain. Is é aidhm na heagraíochta an timpeallacht a chaomhnú, cearta ainmhithe a chosaint agus sláinte daoine a fheabhsú.

Chun Veganuary 2025 a cheiliúradh thug Meon Eile cuairt ar Martha Nic Giolla Dhaltúin (@marthathevegan) a bhfuil níos mó ná 2500 leantóirí aici ar Instagram. Is ansin a bhíonn sí ag teagasc agus ag taifeadadh dóigheanna difriúla a dtig linn an veigeánachas a thabhairt isteach inár saol.

Thug Martha cúlra dúinn faoi aistear pearsanta s’aici leis an veigeánachas agus í ina veigeán le 10 mbliana anuas – fuair muid cuid mhaith leideanna i dtaca leis an stíl mhaireachtála seo. Ar a bharr sin, rinne Martha ‘Tófú Scrofa’, béile iomlán veigeánach atá foirfe do bhricfeasta nó bróinse ag an deireach seachtaine!

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta