Téigh ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Lárphointe eolais na Gaeilge: Nuacht, imeachtaí, folúntais agus níos mó

Rabhadh oráiste fuachta is oighir eile eisithe a sheasfaidh go maidin amárach

| , ,
Gránard an Longfoirt an áit ab fhuaire a cláraíodh aréir a deir Met Éireann agus é -8.2 céim Celsius ansin

Rabhadh oráiste fuachta is oighir eile eisithe a sheasfaidh go maidin amárach

 

Níl aon bhiseach ón bhfuacht á ghealladh ag Met Éireann dúinn anocht agus deir siad go seasfaidh an fuacht go dtí amárach agus ó thráthnóna inniu tiocfaidh rabhadh oráiste eile i bhfeidhm i 13 contae faoin bhfuacht agus an sioc atá geallta. Údar dóchais go bhfuiltear ag tuar go dtosóidh an choscairt ag an deireadh seachtaine.

Beidh an rabhadh oráiste is deireanaí seo i bhfeidhm óna 7.00pm inniu go dtí a hocht a chlog maidin amárach sna 13 contae seo: Gaillimh, Ros Comáin, Tiobraid Árann, Uíbh Fhailí, an Iarmhí, an Mhí, Ceatharlach, Cill Dara, Cill Chainnigh, Laois, Longfort, Cabhán agus Muineachán.

Deir Met Éireann go mbeidh sé fuar feanntach anocht agus go mbeidh sioc crua agus oighear forleathan, chomh maith le carnáin sneachta a bheith fós ina luí in áiteanna. Contúirt eile a deir siad an ceo seaca a d’fhéadfadh teacht i do bhealach go tobann i mbólaí éagsúla.

Faoin reophointe a bheas an teocht arís anocht, idir -5C agus -8 gcéim Celsius.

D’fhógair Met Éireann gur as stáisiún aimsire i nGránard i gcontae Longfoirt atá taifead faighte acu go dtí seo ar an bhfuacht is mó aréir.

Sa Mhuileann gCearr i gcontae na hIarmhí aréir cláraíodh teocht 7.5C faoi bhun an reophointe agus bhí sé 7 gcéim faoin reophointe i mBaile Átha an Rí in oirthear na Gaillimhe.

Deir an ESB go bhfuil thart ar 500 teach, gnó agus feilm fós gan aibhléis.

Tá 4,500 custaiméir de chuid Uisce Éireann fós gan soláthar uisce, agus an chuid is mó díobhsan i gCiarraí, i Luimneach agus i dTiobraid Árann, na háiteanna is troime ar cuireadh sneachta an deireadh seachtaine.

Fanfaidh roinnt scoileanna sna contaetha is measa atá buailte dúnta arís inniu agus tá roinnt eile tar éis scéala a chur ag daltaí go mbeidh siad ag oscailt níos déanaí ná mar is gnáth.

Níos mó

An áit ina bhfuil muid

Conradh na Gaeilge

66 Sráid Camden Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2,
D02 X201

Fón: +353 (0) 1 475 7401,
Facs: +353 (0) 1 475 7844,
Ríomhphost: sceal@cnag.ie

Lean Scéal.ie ar na meáin shóisialta